Is éard is cliseadh duán ann ná meathlú i gcumas na nduán toilleadh uisce is leictrilítí na colainne a rialú agus torthaí iomarcacha meitibileacht próitéiní (úiré is créitínín) a eisfhearadh.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarCliseadh duán
Cineálgalar duánach, impaired renal function disease (en) Aistrigh, chronic renal disease (en) Aistrigh, comhartha úireolaíoch agus galar Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighisneifreolaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáil chliniciúil
 Cógais
Pataigineas
Buaileann séduán Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10N19 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9586, 404.12 agus 404.13 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
DiseasesDB26060 Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD051437 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0035078, C1839604 agus C1565489 Cuir in eagar ar Wikidata
DOIDDOID:1074 Cuir in eagar ar Wikidata

Laghdaítear táirgeadh an fhuail, agus tarlaíonn éidéime is méadú i dtiúchan leictrilítí, cosúil le potaisiam, sa bhfuil, rud a fhéadfaidh a bheith marfach. Tarlaíonn cliseadh na nduán faoi chúinsí éagsúla: indoirteadh lag fola do na duáin (mar a tharlódh i dturraing), ionfhabhtuithe is drugaí áirithe (mar shampla, iad sin a chuirfeadh tús le glomarúlaineafraíteas), diaibéiteas, agus hipirteannas.

Is féidir go n-éireoidh cliseadh duán géar, ach mar sin féin, go mbeidh sé iomlán inchasta. Nó is féidir go mbeidh sé ainsealach leanúnach, agus gá le haemascagdhealú ar bhonn rialta chun cothromaíochtaí an uisce is na leictrilítí sa cholainn a chaomhnú.[1]

Tagairtí cuir in eagar

 
Measaín scagdhealú.
  1. Hussey, Matt (2011). "Cliseadh duán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 144.