Tá iarsmaí Chlochar Ard FhíonáinMhainistir Mhuire le fáil i bparóiste Bhaile Uí Bheacáin i mBarúntacht Uíbh Eoghain agus Uíbh Fhathaidh Thiar, Contae Thiobraid Árann. Tá an láithreán suite timpeall trí chiliméadar laisteas d’Ard Fhíonáin.[1]

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Clochar Ard Fhíonáin

Síltear gur bunaíodh an mhainistir in 1314 mar láithreán Cairmilíteach. Bhí teach de chuid Mhanaigh Ard Fhíonáin ann in 1541, agus b’fhéidir gurb é teach an Tríú hOrd Proinsiasach den mhainistir atá i gceist.[1]

Tá sleachta as Rollaí an Státchiste maidir le cíosanna atá amuigh ag an gCoróin ar mhainéar Wonaght i gContae Thiobraid Árann, ar chuid de Mhainistir Ard Fhíonáin agus ar thailte eile i gContae Chill Chainnigh agus i gContae Thiobraid Árann ó Mhí Mheán Fómhair 1606 go dtí Mí Aibreáin 1610.[1]

Nótaí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 Gwynn, Aubrey & Hadcock, Richard Neville. Medieval Religious Houses: Ireland. Longmans, 1970: lch 290.

Tagairtí cuir in eagar

  • O'Donnell, Mary, “Excavation of a section of the Rian Bó Phádraig near Ardfinnan,” Tipperary Historical Journal (1999): lgh 183-189
  • Ó Clabaigh, Colmán. The Friars in Ireland 1224 - 1540. (Dublin 2012)
  • Leabharlann Náisiúnta na hÉireann: “Exchequer Rolls extracts re lands of Ardfinnan” [1]
  • Bailiúchán Lámhscríbhinní in Acadamh Ríoga na hÉireann: “OS notes made by John O'Donovan (Ardfinnan)”

Féach freisin cuir in eagar

Mainistreacha Thiobraid Árann

Naisc sheachtracha cuir in eagar