Ceannbheart crua a chaitear ar an gceann chun é a chosaint is ea clogad. Toisc go bhfuil an ceann leochaileach de bharr an inchinn a bheith sa chloigeann, ní mór an ceann a chosaint ó bhuillí troma a d'fhéadfadh an ceann a scoilteadh agus/nó díobháil a dhéanamh don inchinn. Tá clogaid á chaitheamh leis na cianta. Bhí agus tá fós clogaid á chaitheamh ag daoine i mbun comhraic. Caitheann tógálaithe clogaid chun a gceanna a chosaint ar thaismí ag láithreacha tógála. Caitear clogaid nuair a mbíonn daoine ag imirt spóirt nó nuair a mbíonn imeachtaí contúirteacha ar siúl acu. Caitheann rothaithe, gluaisrothaithe, tiománaithe gluaisteán rásaíochta, marcaithe, dreapadóirí agus a lán daoine eile nach iad clogaid agus iad ag taisteal nó ag gluaiseacht. Caitheann a lán imreoirí iomána, imreoirí haca, haca-oighear ach go háirithe, agus imreoirí cluichí eile clogaid ar eagla na heagla go mbuailfear ar an gceann iad agus iad ag imirt. Caitheann an lucht dóiteáin clogaid freisin mar chuid den chulaith acu nuair a mbíonn siad ag iarraidh tine a mhúchadh.

Clogad cogaidh Corantach ársa

Íomhánna cuir in eagar