Cnòideart

leithinis in Albain
(Athsheolta ó Cnóideart)

Is ceantar (nó sgìre) suite i gComhairle na Gàidhealtachd é Cnòideart[1] atá suite idir Linne Shlèiteach, Loch Nibheis agus Loch Shubhairne. Sa bhliain 2001 bhí 98 duine [2] ina gcónaí ann agus is é Inbhir Aoidhe an baile is mó. Ní féidir dul ann ach i mbád nó de shiúl na gcos. Tá óstán in Inbhir Aoidhe a bhfuil cáil air mar an t-óstán is iargúlta ar mhórthír na Breataine, agus is é An tSeancheárta (The Old Forge) [3] an t-ainm atá air. Ina theannta sin tá caifé, siopa, oifig an phoist agus oifig eolais ann. Tugtar Na Garbh Chrìochan (Na Garbhchríocha ) ar an gceantar i dtuaisceart Chnòideart.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachCnòideart
Íomhá
CineálLeithinis Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinComhairle na Gàidhealtachd, Scotland agus Glinn Eilg, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhLoch Abar Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 57°04′N 5°40′W / 57.07°N 5.66°W / 57.07; -5.66

Is limistéar náisiúnta sárscéimhe é Cnòideart,[4] agus tá sé tarraingteach do choisithe toisc go bhfuil sé an-iargúlta agus go bhfuil Beanntan Rothaic, a leithéid agus Ladhar Bheinn, Luinne Bheinn, Meall Buidhe agus Sgùrr na Cìche ann. Chomh maith leis sin bíonn sé tarraingteach do siúlóir cnoc agus do dhaoine a bhfuil suim acu sa dúlra agus san fhiadhúlra.

Stair cuir in eagar

 
Leac chuimhneacháincarn in Inbhir Aoidh ag comóradh na 7 bhfear.

Bhí Cnòideart mar chuid den ríocht a bhí faoi rialú Shomhairle (d’éag 1164), sula ghabh craobh Chlann Ruaidhri dá shliocht seilbh air – ar phós an banoidhre fá dheireadh Eòin Mac Dòmhnuill no Iain mac Aonghais Mac Dhòmhnuill (a fuair bás circa 1386). Bhí baill de Chlann Dòmhnaill i seilbh Chnuideart ón 15ú haois go dtí tús an 17ú haois, creidtear go coitianta gur de shliocht Ailean Dòmhnallach, an 2ú Clann Raghnaill (a fuair bás circa 1429). Mar sin féin, go luath sa 17ú haois, d'éirigh le Mac Dómhnaill Ghlinne Garaidh smacht a fháil ar Chnóideart ó Chlann Raghnaill, agus fuair sé dearbhú oifigiúil ón rí i 1613 go raibh sé ina sheilbh aige.[5] Roimh Bhliain an Phrionsa sa bhliain 1745 b'ionann an daonra agus beagnach míle. Bhí go leor eisimirce ann, go Ceanada go príomha (tá Cnóideart, Alba Nuadh ainmnithe i ndiaidh an phobail). In ainneoin na heisimirce seo, d’fhan an daonra ag beagnach míle i 1841.

Sa bhliain 1852 tugadh fógra díshealbhaithe do cheithre chéad de na háitritheoirí don bhliain dár gcionn agus tairgeadh pasáistí thar lear dóibh, go dtí an Astráil ar dtús, ach ina dhiaidh sin athraíodh a gceann scríbe go Ceanada. Ar an 9 Lúnasa 1853 chuaigh trí chéad tríocha áitritheoir ó chósta thiar na leithinse ar bord an Sillery agus d'imigh leo go Ceanada. Dhiúltaigh 11 teaghlach ina raibh os cionn 60 duine, áfach, agus d’éirigh scéal a ndíshealbhaithe iomráiteach mar chuid d' Fhuadach na nGael. Dhíol muintir Mhic Dhónaill Cnóideart faoi dheireadh sa bhliain 1856, .i.Dhíoladh muintir Mhic Dhónaill Chnóid Airt faoi dheireadh sa bhliain 1856, agus ghlach an tionsclaí ó Inbhir Àir, James Baird as Cambusdoon.

Sa bhliain 1948, thug "Seven Men of Knoydart", faoi ruathar talún nár éirigh leo, a rinne iarracht teideal ar thalamh an eastáit dá n-úsáid féin a éileamh. Chuir úinéir an eastáit, Ronald Nall-Cain, an 2ú Barún Brocket, in aghaidh a n-éilimh, a thug an cás chuig Cùirt an t-Seisein a rialaigh in aghaidh na ruathairí talún. Diúltaíodh d’achomharc chuig Rùnaire na Stàite agus thug d'éirigh na Seacht bhFear as a dtroid chun crochtaí a fháil ar Chnóideart. Nochtadh carn in Inbhir Aoidh i 1981 ag comóradh a gcuid ruathar talún.[6]


Tagairtí cuir in eagar

  1. Ainmean-Àite na h-Alba (AÀA) — Gaelic Place-names of Scotland” (en). Ainmean-Àite na h-Alba. Dáta rochtana: 2024-02-28.
  2. Cunntas sluaigh 2001
  3. The Old Forge
  4. Dualchas Nàdair na h-Alba
  5. Dennis Rixson, Knoydart: A History (Birlinn Ltd, Edinburgh, 1999)
  6. MacDougall, A. (1993). "Knoydart: The Last Scottish Land Raid". Billingham, Cleveland: Lindhurst Publications.