Cnúdán
Aon cheann de na héisc mara a mhaireann ar an ngrinneall in uiscí cladaigh is farraigí measartha is trópaiceacha. Suas le 75 cm ar fhad. An ceann cosanta le plátaí cnámhara. Baineann an roc feidhm as an eite uchtach mar adharcáin nó cosa croise. Cuid acu, déanann siad fuaimeanna ar féidir a aireachtáil.[1]
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cnúdán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 151.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |