Is dúil cheimiceach sintéiseach é an copairniciam.[1] Is í an uimhir adamhach atá aige ná 112, agus is é an giorrúchán a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná Cn. Níl ach iseatóip éagobhsaí radaighníomhacha ag an gcopairniciam, agus meath radaighníomhach ag teacht orthu chomh tiubh is nach féidir mórán a fháil amach i dtaobh shaintréithe ceimiceacha na dúile seo. Ní dúil nádúrtha é an copairniciam, agus mar sin ní féidir meáchan adamhach a áireamh dó: ina áit sin tugtar líon na núicléón ag an iseatóp is cobhsaí, mar atá, 285. Tá an t-iseatóp sin féin thar a bheith éagobhsaí, nó is í an leathré atá aige ná 28 soicind.

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachCopairniciam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach agus dúile sintéiseacha
Copairniciam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachCn agus Uub
Uimhir adamhach112
Peiriad, Grúpapeiread 7
Dúil Ghrúpa 12
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Stair
AimsitheoirGSI Helmholtz Centre for Heavy Ion Research (en) Aistrigh
Fionnachtain1996
EapainmNioclás Copairnic

Gineadh an chéad adamh copairniciam in Institut für Schwerionenforschung nó an Institiúid um Thaighde ar na hIain Troma in Darmstadt sa Ghearmáin sa bhliain 1996. Ba iad Sigurd Hofmann agus Victor Ninov a bhí i gceannas ar an bhfoireann taighde a bhí i gceist. Sa bhliain 2009 a thug Cumann Idirnáisiúnta na gCeimiceoirí (IUPAC) orthu ainm ceart a cheapadh don dúil nua, agus is é an t-ainm a roghnaigh siad ná copairniciam le hurraim a thabhairt do Nioclás Copernicus (Mikołaj Kopernik), an réalteolaí ceannródaíoch ón bPolainn.

Tagairtí cuir in eagar

  1. “copairniciam” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-03-17.