Luibh is ea an coireán agus é bliantúil nó ilbhliantúil le duilleoga urchomhaireacha, agus bláthraí cíomacha de ghnáth. Dúchasach do réigiúin mheasartha an leathsféir thuaidh. An chailís feadánach cúigpheitealach, eangach nó gabhlánach, dearg nó bán ag brath ar an speiceas. Tá roinnt céadta speiceas ann sna géinis Silene agus Lychnis.[1]

Coireán den speiceas Silene dioica

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Coireán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 159.