Is éard atá i gceist le Coistí Oireachtais ná Coistí i dTithe an Oireachtais. Is féidir iad a rangú faoi cheithre chatagóir leathana, mar atá thíos.

Comhchoistí cuir in eagar

Coistí a bhunaítear ar feadh théarma na Dála agus a dtagann deireadh leo ar lánscor na Dála. Bunaítear na Coistí seo chun formhaoirsiú a dhéanamh ar obair Roinne Rialtais agus ar nithe beartais gaolmhara de réir na nOrduithe Tagartha a thugann an Dáil agus an Seanad orthu. Is comhaltaí de dhá Theach an Oireachtais a bhíonn ar Chomhchoistí.

Roghchoistí cuir in eagar

Coistí ina mbíonn comhaltaí de Theach amháin an Oireachtais. Déanann Roghchoistí Dháil Éireann, breithniú ar Bhillí, Meastacháin, Tairiscintí, Comhaontuithe idirnáisiúnta agus ar nithe eile a tharchuireann an Dáil chucu.

Buanchoistí (Comhchoistí nó Roghchoistí) cuir in eagar

Coistí buana a mbíonn freagrachtaí sonracha orthu mar a leagtar amach sna Buan-Orduithe.

Coistí Speisialta (Comhchoistí nó Roghchoistí) cuir in eagar

Coistí a bhunaítear chun scrúdú a dhéanamh ar ábhar speisialta agus a gcuirtear deireadh leo de ghnáth nuair a bhíonn a gcuid oibre curtha chun críche agus a dtuarascálacha deiridh curtha faoi bhráid an Tí/na dTithe acu.

Coistí Earnála cuir in eagar

Coistí Oireachtais a bhfuil comhaltaí ó aon Teach amháin nó ón dá Theach orthu agus a bhaineann le réimsí oibre de chuid Ranna Rialtais áirithe. Déanann na coistí earnála grinnscrúdú ar obair na Roinne Rialtais iomchuí agus ar réimsí beartais a bhaineann le hábhar, mar shampla, an Comhchoiste um Iompar, an Comhchoiste um Ghnóthaí Eachtracha, is araile.

Féach freisin cuir in eagar