An cnámh droma i ngach veirteabrach. Sraith d'eilimintí cnámhacha (na veirteabraí), scartha óna chéile le diocsaí idirveirteabracha, coimeádta le chéile le ballnaisc is matáin. Is beag an díláithriú is féidir a bheith idir veirteabraí cóngaracha, ach nuair a chuirtear an colún go léir san áireamh is struchtúr an-soghluaiste é. Sa chuid is mó de na veirteabraigh luíonn an colún go cothrománach agus iompraítear é ar ghéaga tosaigh is cúil. I ndaoine, a sheasann in airde, bíonn sé ceartingearach agus iompraíonn na géaga cúil amháin é. Iompraíonn sé is tacaíonn leis an tóracs, agus tugann ceangal dá lán matán. Timpeallaíonn is cosnaíonn sé corda an dromlaigh ó thráma fisiciúil. Feidhmíonn sé mar mhaolaire mar gheall ar a chuaire ar na dioscaí idirveirteabracha. Is féidir leis fórsaí a tharchur ó chuid amháin go cuid eile den cholainn. I ndaoine bíonn sé 72-75 cm ar airde (timpeall 40% d'airde an duine), agus is é atá ann ná 7 veirteabra ceirbheacsach, 12 veirteabra tóracsach, 5 veirteabra lumbach, 5 veirteabra comhtháite sacrach, agus 4 veirteabra comhtháite gimideach. Díreach tar éis breithe bíonn cuaire C-chruthach, cuasach chun tosaigh, aige. Ach de réir a chéile baineann sé amach cuairí sa treo eile sna réigiúin cheirbheacsacha is ghimideacha. Ligeann sé seo don duine a cheann a choimeád in airde agus seasamh, siúl is rith. Suas le 25% d'fhad an cholúin a bhíonn sna dioscaí idirveirteabracha. I ngach diosca bíonn croíleacán geilitíneach, agus timpeall air sin, fáinní d'fhíochán snáithíneach. I rith an lae triomaíonn na dioscaí de réir a chéile agus éiríonn siad níos tanaí. Dá thoradh seo ní bhíonn duine chomh hard ag deireadh an lae is a bhí ar maidin (2 cm níos lú, b'fhéidir). Tarlaíonn an rud céanna le himeacht na mblianta, ach sa chás seo bíonn an chailliúint airde buan. Braitheann so-ghluaisteacht an cholúin ar gheoiméadracht na struchtúr cnámhach agus eagar na n-eilimintí boga: dioscaí, matáin is ballnaisc. Tarlaíonn lúbadh mínormálta an cholúin ar fiar (scolóis) i 15% de dhaoine, ach ní bhíonn sé suntasach ach i 0.5% de na cásanna. Is minice é ag mná ná fir. Is deacair an chúis leis seo a aimsiú, ach meastar go mb'fhéidir go dtagann laige i matáin an droma agus galair dromlaigh isteach sa scéal.[1]

WD Bosca Sonraí AnatamaíochtColún veirteabrach
Sonraí
Laidincolumna vertebralis
Cuid deCreatlach
Acmhainní seachtracha
EB Onlinescience/vertebral-column
Téarmaíocht anatamaíoch


Colún veirteabrach an ghabhair

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Colún veirteabrach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 162.