Tugtar comhairleoir leighis ar dhochtúir leighis ar shaineolaí é i ngné den leigheas. De ghnáth is i mbailte móra a chleachtann sé. Tá comhairleoirí leighis a dhéanann an-chuid múinteoireachta agus taighde, go háirithe sna cathracha.

WD Bosca Sonraí GairmComhairleoir leighis
Cineál fostaíochta
dochtúir leighis

I ndiaidh sé bliana i ndámh an leighis san ollscoil i bPoblacht na hÉireann, nó cúig bliana i dTuaisceart Éireann, cáilíonn an mac léinn mar dhochtúir leighis, nuair a bhronnann ollscoil céim air agus nuair a ghnóthaíonn sé ceadúnas leighis ón gComhairle Leighis .

Ansin déanann sé staidéar ar ghné den leigheas, chun a bheith ina shaineolaí in aon cheann de na saineolaíochtaíspeisialtasaí leighis. Caitheann sé scrúdaithe bhreise a bhaint amach i ndiaidh oibriú sa ghné chéanna den leigheas, chun cáilíocht a thuilleamh ó cheann des na coláistí saineolaithe leighis. M.sh., le aitheantas mar lia chomhairlitheach a bhaint amach, bíonn ar dhochtúir leighis scrúdaithe Choláiste Ríoga um Máinliachta in Éirinn, i Sasana nó in Albain a bhaint amach.

Tá comhairleoirí leighis i bhfeighil beagnach gach gné den leigheas, ina measc máinliacht, leigheas nó miochán ghinearálta, cnáimhseachas, liacht ban, pédiatric nó liacht linbh, agus síciatracht. Tá saineolaithe i ngnéithe eile den leigheas nach mbaineann go díreach le freastal ar othair, mar shampla, paiteolaíocht, raideolaíocht, agus gnéithe áirithe den taighde.

In ospidéal, is é an comhairleoir a bhíonn i bhfeighil na foirne a dhéanann freastal ar na hothair, agus oibríonn dochtúirí sóisireacha, maraon le haltraí agus teiripeoirí, faoi chomhairle agus faoi ordaithe an chomhairleora leighis.