Is éard atá i gceist le comhardú na trádála, nó comhardú trádála,[1] ná an difríocht idir luach iomportálacha marsantachta agus easpórtálacha marsantachta[2]

níor réitigh na cuntais le chéile in Éirinn sna 2010idí, agus cuma amhrasach air ag an am

- nó an difríocht idir easpórtáil sofheicthe agus iompórtáil sofheicthe[3][4]

- nó an difríocht idir an méid earraí a iompórtálann agus a easpórtálann tír[5]

- nó an comhardú a dtagtar air tar éis allmhairí a bhaint d’onnmhairí.[6]

barrachas ann má tá níos mó airgid/ioncaim saothraithe ag tír trí thrádáil le tíortha eile, ná mar atá le n-íoc leo (nó Easpórtáil sofheicthe > Iompórtáil sofheicthe).

easnamh ann má tá níos mó airgid caite ag tír le tíortha eile, ná mar ata saothraithe aici uathu (nó Iompórtáil sofheicthe < Easpórtáil sofheicthe).[3]

Buailfidh géarchéim tír, b'fhéidir, mar thoradh ar éagothromaíocht fhoriomlán ina chomhardú trádála. Agus ceapann daoine go leor go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil comhardú cothrom ann. Ach tá an scéal i bhfad níos casta.

Comhardú na trádála in Éirinn cuir in eagar

Ba sa bhliain 2016 a taifeadadh an leibhéal ab airde riamh in Éirinn d’onnmhairí agus d’allmhairí araon. D’athraigh comhardú na Trádála Earraí ó easnamh €326 mhilliún sa bhliain 1975 go barrachas €45,521 mhilliún sa bhliain 2016.[6]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Béarla: International trade balance
  2. ""comhardú trádála"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2024-03-11.
  3. 3.0 3.1 cogg.ie (2006). "Gnó" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024.
  4. Easpórtáil Shofheicthe ➤ tír ag díol earraí le tíortha iasachta Iompórtáil Shofheicthe ➤ tír ag ceannach earraí ó thíortha iasachta
  5. cogg.ie. "GAFA LE GNÓ" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024.
  6. 6.0 6.1 "Preasráiteas: Bliainiris Staidrimh na hÉireann 2017 - CSO - Central Statistics Office" (en). www.cso.ie. Dáta rochtana: 2024-03-11.