Sa ríomheolaíocht is ionann comhbhrú sonraí agus an próiseas ina dhéantar ionchódú ar eolas ag baint úsáide as níos lú giotán ná mar a d'úsáidfeadh leagan neamhionchódaithe. Úsáidtear scéim ionchódaithe éigin leis seo a chur i bhfeidhm. Sampla de scéim ionchódaithe is ea dá n-úsáidfeadh an t-alt seo an giorrúchán "ion." in ionad "ionchódú/ionchódaithe". Is samplaí iad MP3 agus ZIP de chomhaid ina chuirtear comhbhrú sonraí i bhfeidhm orthu.

Comhbhrú sna hIlmheáin cuir in eagar

De bharr go n-úsáideann na meáin dhigiteacha an-chuid spáis, is minic a chuirtear comhbhrú sonraí i bhfeidhm orthu. Tá modhanna ar leith ann le comhbhrú íomhá, comhbhrú fuaime agus comhbhrú físe a chur i bhfeidhm.

Is féidir na modhanna comhbhrúite seo a roinnt ina dhá chuid: