Cuingriú nótaí ceoil i gcordaí, agus ina dhiaidh sin sraitheanna cordaí, le béim ar chuingriú na gcomhpháirteanna ceartingearacha níos mó ná oiriúnú na ndual séiseach le chéile (cuntraphointe). Mar sin, tionlacann nó gléasann an comhcheol na duail séise. Is féidir go mbeidh sé diatonach (ag baint úsáid as nótaí gléis amháin, a bheag nó a mhór), crómatach (ag baint úsáid as cuid mhaith nótaí ó thaobh amuigh den ghléas), nó atonúil (ag baint úsáid as nótaí beag beann ar nótaí an ghléis). Níos ginearálta, ciallaíonn sé ceol ceolmhar a bhfuil ‘fuaim thaitneamhach’ leis, mar mhalairt ar dhíchordach — ach le fírinne, ní raibh an t-am ann riamh nuair nach raibh an díchorda mar bhunchuid den chomhcheol.[1]

Comhcheol

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Comhcheol". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 163.