Comhchordacht/neamhchordacht

Tomhas ar an oiread a roinneann cúpla comhionann (monaisiogótach). Úsáidtear í mar thomhas ar an oiread dá gcomhdhéanamh géiniteach atá in aon airí ar leith. Mar shampla, bíonn airdí an-chosúla ag 80% de chúplaí comhionanna, agus mar sin deirtear go bhfuil comhchordacht 80% acu maidir le hairde. Ach i 50% de chúplaí comhionanna a bhfaigheann duine díobh galar cosúil le diaibéiteasscitsifréine, ní bhfaigheann an duine eile é: deirtear, mar sin, go bhfuil siad 50% comhchordach maidir leis na galair sin (agus 50% neamhchordach, ar ndóigh). I gcásanna mar sin, is féidir go mbíonn fachtóirí comhshaoil chomh tábhachtach leis na fachtóirí géiniteacha.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Comhchordacht/neamhchordacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 163.