Comhdhúil shlabhroscailte

Sa cheimic, is éard is comhdhúil shlabhroscailtecomhdhúil neamhchioglach ann (Gréigis: réimír "α", gan agus "κύκλος", ciogal) ná comhdhúil le struchtúr líneach, seachas cioglach.[1] Tugtar comhdhúil shlabhroscailte ar chomhdhúil nach bhfuil taobhshlabhraí aici [2][3] Tá isiméirí líneacha agus fáinneacha araon ag go leor de mhóilíní simplí na ceimice orgánaí, mar na halcáin agus na hailcéiní, is é sin,neamhchioglach agus cioglach, agus is minic a aicmítear an dara ceann mar aramatach. Dóibh siúd a bhfuil 4 charbón nó níos mó acu, is féidir isiméirí slabhraí díreacha nó isiméiri slabhraí brainseacha bheith ag na foirmeacha líneacha. Léiríonn an réimír cáis íochtair n- an isiméir slabhra dhírigh; mar shampla, tá slabhra díreach ag n-bútán tá i-bútán ina iseabútán. Is isiméirí na n-ailcéiní iad na cioglailcéiní, ní na halcáin, toisc go bhfuil naisc C-C i gceist le dúnadh an fháinne. Gan aon fháinní (aramatacha nó eile), tá na comhdhúile slabhroscailte go léir alafatach .

D-glúcós ag aistriú isteach go dtí β-D-glúcós

Tagairtí cuir in eagar

  1. IUPAC, Compendium of Chemical Terminology, 2nd ed. (the "Gold Book") (1997). Online corrected version: (2006–) "polycyclic system". doi:10.1351/goldbook.P04724
  2. Coles (1968). "A chromatographic method for the separation of branched-chain and straight-chain compounds of columns containing urea". Journal of Chromatography A 32 (4): 657–661. doi:10.1016/S0021-9673(01)80544-6. PMID 5645558. 
  3. IUPAC, Compendium of Chemical Terminology, 2nd ed. (the "Gold Book") (1997). Online corrected version: (2006–) "silazanes". doi:10.1351/goldbook.S05669