Is éard is comhfhiosacht ann ná staid shíceolaíoch ina bhfuil duine feasach. Aithnítear cialla éagsúla a chuimsíonn an staid ina bhfuil duine ina dhúiseacht (mar mhalairt ar staid neamhaireachtálach) agus an staid ina bhfuil duine in ann cuimhneamh is cur síos ar a eachtraí meabhracha (mar mhalairt ar staid fho-chomhfhiosach nó réamhchomhfhiosach). Leag William James béim ar leanúnachas na comhfhiosachta (sreabhadh an smaoinimh). Cuireann na síceolaithe cognaíocha béim ar an léargas gur féidir go mbeidh an chomhfhiosachta teoranta do leibhéil áirithe próiseála. Mar shampla, is féidir go mbeidh duine comhfhiosach ag leibhéal ard ar eolas a chuala sé ó dhuine eile, gan a bheith neamhaireachtálach ar mhionsonraí an chomhartha fhuaimiúil a chuir an t-eolas in iúl.[1]

Macasamhail na comhfhiosachta, dar le Robert Fludd, 1619

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Comhfhios". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 165.