Feiste optúil chun léas eisréimneach solais (ó fhoinse pointe, mar shampla) a athrú ina léas comhthreomhar, rud is gá chun iompar optúil an léis a rialú (i speictreascóp nó speictriméadar, mar shampla). De ghnáth, téann an solas trí lionsa inréimneach agus ansin trí scoiltín. Sa chomhlínitheoir in X-ghathaíocht, úsáidtear scoiltíní amháin chun léas a chruthú a dhéanfaidh scáth géar. I gciall eile, tugtar comhlínitheoir ar theileascóp beag atá feistithe ar cheann mór agus a úsáidtear don réamhailíniú garbh.[1]

Comhlínitheoir

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Comhlínitheoir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 166.