Is éard atá i gceist le comhleá fuarcomhleá núicléach ag tarlú ag teocht an tseomra. I 1989 d'fhógair beirt ceimiceoirí, Martin Fleischmann ón mBreatain agus Stanley Pons as na Stáit Aontaithe, gur bhraith siad comhleá i gcill leictrilíteach le leictreoid platanaim is leictreoid tíotáiniam in uisce trom. Ar an drochuair d'fhógair an bheirt a dtorthaí sna meáin chumarsáide gan a dtaighde is a dtorthaí a bheith iniúchta nó dearbhaithe go neamhspleách ag saineolaithe eile. Déanta na fírinne, cruthaíodh go luath gur bhréagach a dtorthaí, ach ba gháifeach an scéal ag an am é.[1]

Gléas ag an Space and Naval Warfare Systems Center in San Diego, i Meiriceá, ar baineadh úsáid as in iarracht (2005) comhleá fuar a chur i bhfeidhm

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Comhleá fuar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 165.