Sa bhfisic, an gaol idir tonnta. Deirtear go bhfuil dhá thonn den mhinicíocht chéanna comhleanúnach má fhanann a ndíláithrithe coibhneasta tairiseach thar am, is é sin, má bhíonn tonn amháin chun tosaigh ar an gceann eile ag nóiméad amháin agus más ionann an scéal nóiméad éigin níos déanaí. I dtonnta mar sin, bíonn uillinn thairiseach pais eatarthu, agus bíonn siad ar comhchéim. Bíonn solas léasair comhleanúnach, ach ní mar sin do sholas ó ghnáthbholgán, a bhíonn neamh-chomhleanúnach.[1]

Comhleanúnachas

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Comhleanúnachas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 166.