Conan O'Brien
Is fuirseoir, láithreoir teilifíse, podchraoltóir agus scríbhneoir Gael-Mheiriceánach é Conan Christopher O'Brien (18 Aibreán 1963 a saolaíodh é). As Brookline, Massachusetts dó, thosaigh sé amach mar scríbhneoir ar chláir ghrinn amhail Saturday Night Live agus The Simpsons sular tháinig sé i gcomharbacht ar David Letterman mar láithreoir an chláir Late Night Show sa bhliain 1993.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 18 Aibreán 1963 60 bliana d'aois Brookline, Massachusetts, Massachusetts |
Faisnéis phearsanta | |
Grúpa eitneach | Gael-Mheiriceánaigh |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Harvard Ardscoil Brookline |
Dathán gruaige | Folt rua |
Gníomhaíocht | |
Gairm | láithreoir teilifíse, aisteoir scannáin, aisteoir gutha, podchraoltóir, aisteoir teilifíse, scríbhneoir, scríbhneoir scripte, fuirseoir, léiritheoir teilifíse |
Tréimhse oibre | 1987 – |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Daonlathach |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Lipéad ceoil | Third Man Records |
Ghlac sé/sí páirt i | |
Ice Bucket Challenge (en) | |
Teaghlach | |
Athair | Thomas Francis O'Brien Jr. agus Ruth Reardon O'Brien |
Siblín | Kate B. O'Brien |
Gradam a fuarthas | |
Suíomh gréasáin | teamcoco.com |
|
I dtús báire, bhí an chuma ar an scéal nach mairfeadh Conan ach tamall beag mar láithreoir. Thosaigh cúrsaí ag feabhsú diaidh ar ndiaidh, áfach, agus roghnaiodh é chun áit Jay Leno a ghlacadh ar NBC. Ba mhór an chonspóid é nuair a cuireadh a réamhtheachtaí Leno ar ais in áit, taobh istigh de bhliain amháin. Tá clár dár chuid inniu (Conan) ar an stáisiún TBS ón bhliain 2010 i leith.
Luathshaol cuir in eagar
Duine de chúigear clainne (triúr deirfiúr agus beirt dheartháir) is ea O'Brien. Lia, eipidéimeolaí agus ollamh le leigheas mór le rá ar Scoil Leighis Harvard is ea a athair Thomas Francis O'Brien. Iar-aturnae a bhí ina comhpháirtí ar an gnólacht Ropes & Gray atá ina mháthair Ruth O'Brien (née Reardon).
Fuair O'Brien a chuid meánscolaíochta sa scoil áitiúil Brookline High School, sular bhain sé áit amach in Ollscoil Harvard sa bhliain 1981.
Is síol faoi Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |