Conchúr mac Neasa

Rí na nUladh
(Athsheolta ó Conchúr Mac Neasa)

Rí ar Chúige Uladh ba ea Conchúr mac Neasa. De réir traidisiúin, bhí sé ar dhuine de na ríthe ba chumasaí sa tír, ach níl aon fhianaise stairiúil ann faoi toisc gur mhair sé sa tréimhse réamh-Chríostaí. Tugtar An Rúraíocht mar ainm ar an tsraith scéalta a chuireann síos ar a réim.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarConchúr mac Neasa

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcarachtar i miotaseolaíocht na nGael
rí miotaseolaíoch Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
I saotharTáin Bó Cúailnge, Fled Bricrenn, Tochmharc Eimhire, Coimpeart Chú Chulainn, Anbhás Chonchúir, Anbhás Aonmhic Aoife, Mesca Ulad, Scéla Conchobair, Deirdre and Naisi (en) Aistrigh, The Boyhood of Cohoolin (en) Aistrigh agus The Death of Cohoolin Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
CéileDeirdre, Mugain, Méabh agus Cloithre Cuir in eagar ar Wikidata
MáthairNeasa Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCathbhadh agus Fachtna Fáthach Cuir in eagar ar Wikidata
LeanaíCormac Cond Longas, Cúscraid Mend Macha, Furbaide Ferbend, Glaisne agus Fedelm Noíchrothach Cuir in eagar ar Wikidata
SiblíníDeichtine agus Fionnchaomh Cuir in eagar ar Wikidata
Daoine muintearthaNaoise Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Cuid deAn Rúraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Cúram Cuir in eagar ar Wikidata

Ba í Eamhain Mhacha a phríomhchathair, agus An Chraobh Rua a tugadh ar na saighdiúirí a bhí aige.

Cathbhadh a bhí ina dhraoi aige, agus tráth ar rugadh leanbh, thuar an draoi go mbeadh sí níos áille ná bean ar bith eile in Éirinn, go bpósfadh Conchúir í, agus go mbeadh brón agus ár ann dá bharr. Dá bhrí sin, thug sé Deirdre (brón) mar ainm uirthi. Insítear a scéal in Oidheadh Chlainne Uisnigh.

Ba le linn Chonchúir a tháinig Cú Chulainn chun cinn agus tá a chuid eachtraí agus eachtraí eile le fáil sa Táin.

Bás Chonchúir mhic Neasa cuir in eagar

De réir an tseanchais, fuair Conchúr bás ar an gcéad Aoine Chéasta de bharr na feirge a tháinig air nuair a insíodh dó go raibh Mac Dé tar éis a bheith curtha chun báis. Bhí Conchúr tinn an uair sin de bharr liathróid chatha a bhí sáinnithe ina cheann. Bhí an liathróid sin déanta as inchinn Mheas Geaghra, a meascadh le beagán aoil chun liathróid bheag chrua a dhéanamh. Is é Conall Cearnach a mharaigh Meas Geaghra agus a rinne an liathróid inchinne, cé gur Cead mac Mághach a scaoil an liathróid le Conchúr agus cath ar siúl idir na Connachta agus na hUlaidh. Chuaigh an liathróid i sáinn i gcloigeann Chonchúir mhic Neasa agus dúirt na lianna leis gur baol go bhfaigheadh sé bás dá mbainfí an liathróid as a chloigeann. Thairis sin, bheadh ar an rí gach strus, stró, agus brú a sheachaint mar d'fhéadfadh an liathróid léim óna chloigeann de bharr an iomarca struis.

Ar Aoine Chéasta, tháinig dorchadas sa spéir agus uraíodh an ghrian. D'fhiafraigh Conhchúr dá lucht draíochta cén t-údar a bhí leis an dorchadas. Nuair a mhínigh siad dó go raibh Mac Dé á mharú, chaill Conchúr a mheabhair gur chuaigh sé amach sa choill ag leagan crann gan stad agus a rá gur mar sin a leagfadh sé naimhde Mhic Dé ach an deis a bheith aige. De bharr an struis ar fad, léim an liathróid inchinne as a chloigeann agus fuair sé bás i bhfaiteadh na súl.

Tá cur síos cruinn simplí as Gaeilge ar na heachtraí seo déanta ag Séamas Ó Searcaigh ina leabhar Laochas (1945).