Conchobar mac Taidg

Rí na gConnacht

Rí na gConnacht de chlann Uí Bhriúin ba ea Conchúr mac Taidhg (Sean-Ghaeilge Conchobar mac Taidg). Tadhg an Túir mac Cathail (bás 956), iar-rí, ba ea a athair. Síol Muireadhaigh ba ea a mhuintir. Bhí sé i réim ón mbliain 967 go dtí 973.

Infotaula de personaConchobar mac Taidg
Beathaisnéis
Breith10 haois
Bás973
Gníomhaíocht
Gairmmonarc (967–973) Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteCathal mac Conchúir mhic Thaidhg Cuir in eagar ar Wikidata
AthairTadhg mac Cathail

Sinsear eapainmneach rítheaghlach Uí Chonchúir ba ea é trína mhac, Cathal.

Tar éis bhás a athar, tháinig Fearghal Ó Ruairc de chlann Uí Bhriúin Bhréifne i gcoróin mar rí Chonnacht le 21 bliain.

Fuair Conchúr le hoidhreacht comhaontais phósta príomhrítheaghlaigh uile Uí Néill: a dheirfiúr Bébinn le rí Bhreá, Domhnall mac Congalach Cnogba; agus deirfiúr eile le Cineál Chonaill. Ba é a dheartháir chéile Domhnall a mharaigh Fearghal Ó Ruairc sa bhliain 966, rud a réitigh slí na corónach do Chonchúr.[1]

Maraíodh mac le Conchúr sa bhliain 967 agus é troid ar son fhear céile Muirgel ina éadan a chéilí comhraic, Cineál Eoghain.

Chloígh Conchúr Ualgarc Ó Ruairc sa bhliain 970, rud a thugann le fios go raibh Uí Ruairc fós ag iarraidh an ríogacht a fháil ar ais.[2]

Dar leis an Leabhar Laighneach d'éag Conchobar le coiliceam. Insítear fosta agur maraíodh a dheartháir agus comharba, Cathal, ag Cath Céis Chorainn, tar éis dó bheith i gcoróin ach le trí lá. Murchad Glun re Lar mac Flaithbertaigh de Chineál Eoghain ba ea a mharfóir.

Bhí deartháir le Conchúr Maol Ruanaidh Mór mac Taidhg, ina shinsear ríthe Mhaigh Loirg agus na gclann Uí Mhaolruanadha agus Mhic Dhiarmada.

Ba iad a bhfionnóí an chéad ghlúin a ghlac an sloinne Ó Conchúir (Ua Conchobair), agus is é Ó Conchubhair Donn a phríomhsliochtach inniu.

Foinsí cuir in eagar


Tagairtí cuir in eagar

  1. Ailbhe Mac Shamhráin, "Conchobar", in Dictionary of Irish Biography, 2009, imleabhar 2, ll . 730–31
  2. AU U970.2
Réamhtheachtaí
{{{roimh}}}
Rí na gConnacht
967–973
Comharba
Cathal mac Tadg

Teimpléad:Connachta

Teimpléad:Ireland-royal-stub