Conchur Ó Colbaird

reibiliúnach Éireannach

Réabhlóidí Éireannach ab ea Conchur Ó Colbaird, Cornelius ColbertCon Colbert (19 Deireadh Fómhair 18888 Bealtaine 1916).[1][2] Ba é an captaen é ar Chomhplacht F an Ceathrú Cathlán agus ba é a bhí i gceannas ag drioglann Lána Marrowbone nuair a ghéill siad an Domhnach 30 Aibreán 1916. Cuireadh chun báis é i bPríosún Chill Mhaighneann sa bhliain 1916 mar gheall ar an pháirt a bhí aige in Éirí Amach na Cásca.

Infotaula de personaConchur Ó Colbaird

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith19 Deireadh Fómhair 1888
Contae Luimnigh Cuir in eagar ar Wikidata
Bás8 Bealtaine 1916
27 bliana d'aois
Príosún Chill Mhaighneann Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisTráma balaistíoch
Áit adhlacthaReilig Mhíleata Chnoc an Arbhair Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Gairm mhíleata
GéillsineÓglaigh na hÉireann
Céim mhíleatacaptaen Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtÉirí Amach na Cásca

Find a Grave: 4272 Cuir in eagar ar Wikidata
Bhí Colbert thar a bheith cráifeach[1]
1912-1914 Fianna Éireann: rang tosaigh: Patrick Holohan, Michael Lonergan & Con Colbert. Rang chúil: Garry Holohan & Padraig Ryan.

Tús a Shaoil cuir in eagar

 
drioglann Watkins Lána Mhuire Mhaith[3]

As Áth an tSléibhe i gContae Luimnigh dó. D'éirigh sé sáite sa náisiúnachas agus Fianna Éireann agus é ag obair le Pádraig Mac Piarais i Scoil Éanna i mBaile Átha Cliath.

Roimh an Éirí Amach bhí sé gníomhach i ngluaiseacht na poblachta, bhí sé i bhFianna Éireann agus sna hÓglaigh. Sa bhliain 1913, bhí sé ar na chéad daoine a chuaigh isteach in Óglaigh na hÉireann, agus níorbh fhada go raibh sé ina bhall de Bhráithreachas na Poblachta chomh maith.

 
Drioglann Jameson

Bhí Colbert thar a bheith cráifeach. Mar sin, níor chaith sé agus níor ól sé.[4]

Imeachtaí 1916 cuir in eagar

Le linn an Éirí Amach, bhí Ó Colbaird ina chaptaen ar Chomplacht F de Cheathrú Cathlán Óglaigh na hÉireann, lonnaithe ag drioglann Watkins[5] ar Shráid Bhaile Átha Fhirdhia, soir ó Aontas Bhaile Átha Cliath Theas.[6]

 
Drioglann Jameson inniu

Faoi thráthnóna Dé Máirt ba léir nár bhain tábhacht straitéiseach le Drioglann Watkins ach oiread le Drioglann Roe. Dá bhrí sin, chinn an Captaen Colbert agus a chomplacht dul chomh fada leis an gCaptaen Séamus Murphy a bhí lonnaithe ag Drioglann Jameson.

Thréig an Captaen McCarthy Drioglann Roe agus chuaigh roinnt dá chomplacht chomh fada leis an ngarastún ag Drioglann Jameson. Grúpa de 21 a bhí i gceist ag an tús ach bhí borradh mór tar éis teacht ar an méid sin de bhrí gur tháinig na complachtaí ón dá urphost eile, mar aon le baill de Chumann na mBan, agus fir a bhí déanach ag triall ar an áit.[6]

Bhí radharc ó gharastún Jameson ar shuímh áirithe laistigh d’Aontas Bhaile Átha Cliath Theas agus bhí deis acu tacú leis an ngníomhaíocht go pointe. Chomh maith leis sin, d’éirigh leis moill a chur ar an trácht míleata go pointe áirithe, ach ní raibh mórán tionchair aige ar thoradh an Éirí Amach.[6]

Lámhachadh Ó Colbaird ar 8 Bealtaine 1916.

Oidhreacht cuir in eagar

Tá an stáisiún traenach i Luimneach agus Bóthar Con Colbert i mBaile Átha Cliath ainmnithe in ómós dó.

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Sabina Clarke (2016-09-18). "LAST WORDS COMMEMORATIVE BOOKLET". 
  2. Scríobh Colbert é féin "Conn". Féach ar an commemorative booklet thuas
  3. "Lána Mhuire Mhaith/Marrowbone Lane" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-05-08.
  4. "May 8th: Éamonn Ceannt, Michael Mallin, Seán Heuston, Con Colbert" (en). Ireland 2016 (2016-04-25). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-05-08. Dáta rochtana: 2021-05-08.
  5. nó Drioglann Lána Mhuire Mhaith
  6. 6.0 6.1 6.2 nli.ie (2016). "Príomhshuímh na Gníomhaíochta". Dáta rochtana: 2019.