Conradh Élysée (1963)
Síníodh an Conradh Élysée idir an Ghearmáin agus an Fhrainc ar an 22 Eanáir 1963, an Conradh Franc-Ghearmánach um chomhar agus lánpháirtíocht agus bunús an dlúth-chomhoibrithe idir an dá thír.[1]
Cineál | conradh |
---|---|
Ainmnithe in ómós | Palais de l'Élysée |
Cuid de | caidreamh idir an Fhrainc agus an Ghearmáin |
Dáta na bliana | 22 Eanáir 1963 |
Teacht i bhfeidhm | 2 Iúil 1963 |
Suíomh | Palais de l'Élysée, An Fhrainc |
Tír | an Fhrainc agus an Ghearmáin |
Sínitheoir | |
Obair iomlán ar fáil ag URL | treaties.un.org… |
Tharla easaontas tromchúiseach idir an dá thír go luath ina dhiaidh sin, sna 1960idí, maidir le ceist iontráil na Ríochta Aontaithe isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, mar a bhí ann ag an am.
Ó 2016 ar aghaidh, ós rud é go raibh an Ríocht Aontaithe imithe amach ón Aontas Eorpach, d'éirigh "ais"[2] na Gearmáine agus na Fraince níos tábhachtaí ná riamh.
Síníodh Conradh Aachen idir an dá thír ar 22 Eanáir 2019, céim nua sa chomhoibriú.[3] Cuimsíonn an comhoibriú roinnt pleananna le haghaidh ardleibhéal comhchuibhithe ar ghnéithe áirithe den dlí sa dá thír—gnéithe den dlí teaghlaigh, mar shampla.
Féach freisin cuir in eagar
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ Scoil Dlí, COBÁC (2021). "Conradh Élysée" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2021-01-22.
- ↑ ""ais"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-01-22.
- ↑ "Aachen Treaty" (as en) (2021-01-22). Wikipedia.