Chuir Conradh Luimnigh deireadh leis an gcogadh in Éirinn idir na Seacaibítigh agus lucht leanúna Uilliam Oráisteach (Uilleam III Shasana). Chuir sé clabhsúr ar léigear Luimnigh sa bhliain 1691. Dhá chonradh a bhí ann i ndáiríre agus síníodh iad beirt ar 3 Deireadh Fómhair 1691. Deirtear go ndearnadh é seo ar "Chloch an Chonartha," bloicín éagothrom aolchloiche a bhíodh ina cheap marcaigh agus atá ar taispeáint anois ar bhonn i Luimneach.[1][2]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtConradh Luimnigh
Cineálconradh síochána Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana1691 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhLuimneach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata


Cloch an Chonartha i Luimneach.

Na hAilt Mhíleata cuir in eagar

 
Uilleam III Shasana

De réir na nAlt, bhí cead ag saighdiúirí Seacaibíteacha de chuid na reisimintí a gcuid arm agus bratach a thabhairt leo chun na Fraince agus dul sa Bhriogáid Éireannach. Thoiligh timpeall 14,000 saighdiúir lena dhéanamh, agus cuireadh iad chun Corcaí, áit a ndeachaigh siad ar bord loinge. Ba mhinic a muirín lena gcois. Is iomaí saighdiúir eile a chuaigh thar sáile chun liostáil i reisimintí na Spáinne agus na hOstaire.

B'fhéidir le saighdiúirí Seacaibíteacha dul in Arm Uilleam, cé nach ndearna ach timpeall míle duine acu é sin. Chuaigh míle eile abhaile.

Naoi n-alt is fiche a bhí sa Chonradh agus iad socraithe ag an Leifteanant-Ghinearál Godert de Ginkell, ardcheannasaí arm Uilleam, agus ag na Leifteanant-Ghinearáil D'Usson agus Philibert-Emmanuel de Froulay, chevalier de Tessé, ardcheannasaithe an airm Sheacaibítigh. Is iad na daoine a chuir a lámh leis an gConradh D'Usson, le Chevalier de Tessé, Latour Montfort, Pádraig Sáirséal (Iarla Leamhcáin), an Coirnéal Nioclás Puirséal ó Luachma, Marcas Talbóid agus Piaras de Buitléir, tríú Bíocunta Ghabhalmhaí.

 
Pádraig Sáirséal (Patrick Sarsfield)

Na hAilt Shibhialta cuir in eagar

Chosain na hAilt seo cearta na n-uasal Seacaibíteacha a thogair fanacht in Éirinn agus ar Chaitlicigh a bhformhór. Ní raibh a dtailte le coigistiú má rinne siad móid dílseachta d'Uilleam agus do Mháire, agus bhí cead ag uaisle Caitliceacha a bheith faoi airm. Bhí síocháin ag teastáil ó Uilleam in Éirinn, agus bhí sé féin agus an Pápa dulta d'aontaobh sa bhliain 1891 de réir Chonradh Augsburg.

Stad rialtas Uilleam de chloí leis na hAilt Shibhialta i gceann tamaill, mar d'aithin an Pápa Séamas II mar Rí reachtúil na hÉireann sa bhliain 1892. Na huaisle a bhí tar éis an mhóid dílseachta a thabhairt tháinig siad féin agus a sliocht slán, ach bhí an chuid eile ("an dream nár mhionnaigh") i mbaol, cé gur éirigh le roinnt acu an eisreachtaíocht a fháil cealaithe.

 
Godert de Ginkell

Ón mbliain 1695 rith an Pharlaimint Éireannach roinnt péindlíthe a raibh d'aidhm acu tabhairt ar na huaisle Caitliceacha nár mhionnaigh faoin am sin scaradh lena gcreideamh. Neartaíodh na dlíthe sin ar chúiseanna polaitiúla i rith Chogadh Chomharbas na Spáinne (1701-1714). Cé nár cuireadh i bhfeidhm go dian iad le himeacht aimsire níor leasaíodh iad go dtí seachtóidí na haoise sin.

Díobhadh maoine de réir Shocrú Uilleam cuir in eagar

I Mí na Nollag 1699 thug na Coimisinéirí Coigistithe tuairisc ar an díobhadh maoine do Theach na dTeachtaí in Éirinn mara leanas:[3][4]

  • Rinneadh 3,921 duine ainmnithe a eisreachtú, daoine ar leo
  • 1,060,792 acra
  • a raibh cíos £211,623 ag baint leo agus a raibh luach £2,685,130 orthu
 
Richard Talbot, 1st Earl of Tyrconnell

Astu seo:

  • Tugadh pardún do 491 duine de réir Chonradh na Gaillimhe agus Chonradh Luimnigh agus do 792 duine ar chúiseanna eile; tugadh maoin ar ais do chuid den 2,638 duine eile nó dá muintir.
  • I ndeireadh na dála fuair na Coimisinéirí 752,953 acra a raibh luach £1,699,343 orthu agus cíos £135,793 ag teacht uathu in aghaidh na bliana. Gabhadh luach £300,000 d'earraí agus luach £60,000 d'fhoraois, in éineacht le cúpla céad teach.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. University College Cork - The Treaty of Limerick, 1691
  2. "Limerick City: A Bit of History - The Treaty of Limerick". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2004-11-03. Dáta rochtana: 2011-07-19.
  3. Appointed under 10 William III., c. 9; tuairisc 16 Nollaig 1699
  4. Simms J.G., The Williamite Confiscation in Ireland (London 1956)