Conradh Versailles

ceann amháin des na conarthaí a thug an Chéad Chogadh Domhanda chun deiridh

Conradh síochána idirnáisíunta ba ea Conradh Versailles, a chuir deireadh leis an gCéad Cogadh Domhanda idir na Comhghuaillithe agus an Ghearmáin.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtConradh Versailles
Íomhá
Map
Law identifier (en) Aistrigh大正9年条約第1号 Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálconradh síochána
multilateral treaty (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósPálás Versailles Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deLeague of Nations Treaty Series (en) Aistrigh agus Paris Peace Conference (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana28 Meitheamh 1919 Cuir in eagar ar Wikidata
Teacht i bhfeidhm10 Eanáir 1920 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhHall of Mirrors, An Fhrainc (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Baint le limistéar údaráisIarthar na hEorpa Cuir in eagar ar Wikidata
Sínitheoir
TaisceRialtas na Fraince Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga an tsaothair nó an ainman Fhraincis agus Béarla Cuir in eagar ar Wikidata
CúisParis Peace Conference (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ba chúis leisAn Dara Cogadh Domhanda Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid

Obair iomlán ar fáil ag URLmjp.univ-perp.fr… Cuir in eagar ar Wikidata


Príomh-Aire Lloyd George na Ríochta Aontaithe, Príomh-Aire Vittorio Emanuele Orlando na hIodáile, Príomh-Aire Georges Clemenceau na Fraince agus Uachtarán Woodrow Wilson na Stát Aontaithe.
físeán

Síníodh é ar an 28 Meitheamh 1919 i bPálás Versailles i bPáras na Fraince, cothrom cúig bliana ón lá a d'fheallmharaíodh Ard-diúc Franz Ferdinand na hOstaire, ceann de na heachtraí ba mhó a chuir tús leis.

Cé gur chuir an sos cogaidh (a bhí sínithe ar an 11 Samhain 1918) stad leis an troid féin, lean an idirbheartaíocht ar aghaidh ar feadh sé mhí ag Comhdháil Síochána Pháras sular ghlacadh leis.

Teorainneacha nuaː rinneadh an Ghearmáin féin níos lú

Coinníollacha cuir in eagar

Gearradh coinníollacha diana ar an nGearmáin, éilimh mhíréasúnta, a bhain dá sealúchas tíre agus dá críochtheorainneacha.[1]

• D’admhaigh an Ghearmáin gurbh iadsan ba ciontaí as an Chéad Chogadh Domhain. an Chéad Chogadh Domhanda.[2]

• Bhí ar an Ghearmáin cúiteamh cogaidh a íoc chuig tíortha eile, buaiteoirí an Chogaidh; d'éiligh siad 132 bhilliún marg óir (Reichsmark ag an am), suim ollmhór agus neamhréalaíoch amach is amach.[3] Ní raibh na hacmhainní ag an Ghearmáin ar chor ar bith chun freastal ar an éileamh.

• Rinneadh an Ghearmáin féin níos lú.[4]

• Ní bheadh aon aerfhórsa ag an Ghearmáin agus ní bheadh ach arm / cabhlach beag acu.

Fadhbanna cuir in eagar

 
Suim ollmhór agus neamhréalaíoch amach is amach. Sgicphictiúr ó SAM sa bhliain 1921

An Rúís cuir in eagar

Cé gur chuidigh an Rúis leis na comhghuaillithe an Chéad Chogadh Domhanda a bhaint, níor tugadh cuireadh dá gceannairí bheith páirteach i gComhdháil Síochána Pháras a shocraigh ceisteanna na hEorpa le Conradh Versailles.[5] Mar sin, níor ligeadh do APSS bheith páirteach i gConradh na Náisiún (roimh 1934).

Iodáil cuir in eagar

Níor tugadh mórán aird ar an Iodáil.

Éire cuir in eagar

Níor ligeadh Rialtas Sealadach na hÉireann isteach sa Chomhdháil.

Conradh na Náisiún cuir in eagar

Bunaíodh Conradh na Náisiún ach ní raibh an Conradh éifeachtach ach ar éigean.

 
Fograíocht sa New York Times, 1918

Dí-armáil uilechoitinn cuir in eagar

Ag comhdháil síochána Pháras agus na comhghuaillithe ag socrú Chonradh Versailles i 1919 shocraigh siad go dí-armálfaí gach tír. In ainneoin na socruithe seo ba í an Ghearmáin an t-aon tír amháin a chomhlíon an téarma seo den chonradh.

Na Naitsithe cuir in eagar

Bhí gá le Conradh Versailles, a raibh fuath ag na Gearmánaigh air, a chealú ar fad. Bhain Hitler agus na Naitsithe tairbhe i gcónaí as an fhuath a bhí ag muintir na Gearmáine ar an Chonradh. Cháin bolscaireacht na Naitsithe an Conradh agus gheall Hitler é a fhreaschur (.i. deireadh a chur leis) nuair a bheadh an chumhacht sa Ghearmáin aige.[6] Ba mhian le Hitler na téarmaí míleata i gConradh Versailles, a chuir teorainn le harm na Gearmáine, a chur ar ceal.

 
Nollaig 1918

Ghnóthaigh na geallúintí seo cuid mhór tacaíochta do Hitler agus do na Naitsithe. Mar shampla, sliocht as an Chlár 25 Pointe na Naitsitheː

"Éilímid go mbeidh na Gearmánaigh uilig aontaithe i nGearmáin Mhór amháin a bheidh bunaithe ar an cheart ar fhéintreorú náisiúnta. Éilímid comhionannas do mhuintir na Gearmáine agus iad ag plé le náisiúin eile agus deireadh a chur le conarthaí síochána Versailles agus Saint Germain. Éilímid talamh agus críocha (coilíneachtaí) lenár ndaoine a chothú agus a lonnú iontu."[6]

Agus shampla eile, Hitler ag scríobh faoi thionchar Chonradh Versailles ar mhuintir na Gearmáine ina leabhar Mein Kampf.ː

'Tá an Conradh greanta agus dóite isteach in intinn agus i gcroí mhuintir na Gearmáine. Mothóidh 60 milliún duine lasracha na feirge agus na náire ina n-anam. Ansin scairtfidh na daoine as béal a chéile: “Beidh airm againn in athuair”.'[6]

Fiú amháin i bhFeabhra 1933 bhí Hitler ag insint don arm go mbeadh deireadh le Conradh Versailles agus go mbeadh atharmáil mar phríomhthosaíocht acu.[6]

Ach ag an am céanna, sa bhliain 1933, d’ordaigh Hitler do thoscairí na Gearmáine a áitiú ar na tíortha eile a bhí i láthair gur chóir dóibh eiseamláir na Gearmáine a leanúint agus díarmáil a dhéanamh. Nuair a dhiúltaigh an Fhrainc glacadh leis seo tharraing Hitler an Ghearmáin amach as an chomhdháil agus as Conradh na Náisiún chomh maith.[7]

In Eanáir 1935 bhí pobalbhreith ann lena shocrú cé a bhí chun an tSáir (ceantar sa Ghearmáin a baineadh díobh i ndiaidh Chonradh Versailles) a reáchtáil. Ba é seo an chéad bhua suntasach ina pholasaí eachtrach ag Hitler mar vótáil 90% de na daoine i bhfabhar dul ar ais faoi smacht na Gearmáine.[6]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (2016). "10 mBliana na gCuimhneachán".
  2. History com Editors. "Treaty of Versailles" (en). HISTORY. Dáta rochtana: 2021-06-28.
  3. History com Editors. "Treaty of Versailles" (en). HISTORY. Dáta rochtana: 2021-06-28.
  4. Coláiste Oirial. "Fás an Fhaisisteachais". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-06-28. Dáta rochtana: 2021.
  5. An Cogadh Fuar, St Mary's, Béal Feirste
  6. 6.0 6.1 6.2 6.3 6.4 StMarys-belfast.ac.uk. "An Ghearmáin Naitsíoch". Dáta rochtana: 2021.
  7. "Disarmament Conference, Geneva, 1933" (en). www.wdl.org (1933). Dáta rochtana: 2021-06-28.