Constáblacht Ríoga na hÉireann

Constáblacht Ríoga na hÉireann ("Royal Irish Constabulary", RIC), nó "na saighdiúirí dubha", mar a thugtaí ar na constáblaí sa Ghaeltacht (cf. saothar Sheáin Bháin Mhic Mheanmain), ar ceann den dá chonstáblacht a bhí ag obair in Éirinn i dtús na fichiú haoise, in éineacht le Póilíní Chathair Átha Cliath (Dublin Metropolitan Police). Bhí constáblachtaí dá gcuid féin ag Doire agus ag Béal Feirste roimh an mbliain 1870, ach scoireadh sa bhliain sin iad, ó bhí siad sáite san fhoréigean seicteach. Ba í an Chonstáblacht Ríoga a ghlac uirthi cúraimí na gconstáblachtaí seo ansin. Sa bhliain 1922, cuireadh deireadh leis an gConstáblacht Ríoga, agus tháinig dhá fhórsa poilíneachta nua ina háit, mar atá, an Garda Síochána i Saorstát Éireann agus Constáblacht Ríoga Uladh (Royal Ulster Constabulary, RUC) i dTuaisceart Éireann.

Bosca Sonraí EagraíochtaConstáblacht Ríoga na hÉireann
Sonraí
Cineálpóilíní Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1822
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte1922 Cuir in eagar ar Wikidata
Rud nó duine a tháinig ina áitGarda Síochána Cuir in eagar ar Wikidata
Léarscáil de dhlínse Chonstáblacht Ríoga na hÉireann.

Caitlicigh ab ea formhór mór na gconstáblaí, ach ní raibh siad chomh coitianta sin i measc an lucht ceannais. Bhí córas póilíneachta na Constáblachta Ríoga ina mhúnla do Phóilíní Capall Iarthuaisceart Cheanada, nuair a bhí rialtas cónaidhme Cheanada ag iarraidh an bealach ab fhearr a oibriú amach leis an dlí a choinneáil i bhfeidhm sna Críocha Thiar Thuaidh.

Stair na Póilíníochta in Éirinn cuir in eagar

Tháinig an chéad fhórsa póilíní ar an bhfód in Éirinn, nuair a reachtaíodh an tAcht um Choimeád na Síochána sa bhliain 1814. Bunaíodh an Chonstáblacht féin sa bhliain 1822, nuair a reachtaíodh an tAcht um Chonstáblacht na hÉireann. Ceann de na chéad dualgaisí dár thit ar a crann ab ea na deachúna a ghearradh de na Caitlicigh le lámh láidir le linn Chogadh na nDeachún. D'fhoráil an tAcht gur cuireadh fórsa póilíní ar bun i ngach barúntacht, agus na hardchonstáblaí is na cigirí ginearálta faoi cheannas an riaracháin shibhialta i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Sa bhliain 1841, bhí níos mó ná ocht míle sé chéad fear ag obair ina gconstáblaí. San am sin, bhí inneall nua curtha ar an bhfórsa le hacht a reachtaíodh sa bhliain 1836, agus heisíodh na chéad rialacha don Chonstáblacht da bhliain 1837. Bhí na constáblaí á gcoinneáil faoi dhiansmacht, agus ní raibh an phá thar moladh beirte. Chaithfeadh siad troid a chur ar na scológa bochta faoin tuath, nó bhí na bochtáin ag dul i rúnchumainn ar nós na Ribíneach, a d'ionsaíodh na tiarnaí talún agus a maoin shaolta.

Ní raibh lé ná luiteamas ag an gconstáblacht leis an scarúnachas Éireannach, rud a léirigh siad go héifeachtúil sa bhliain 1848, nuair a chloígh siad éirí amach na hÉireann Óige a raibh Uilliam Mac Gabhann Ó Briain i gceannas uirthi. Tháinig turadh ina dhiaidh sin i gcúrsaí na tíre. Mar sin féin, bhí Bráithreachas na Poblachta, a bunaíodh sa bhliain 1858, ag beartú éirí amach armtha in aghaidh an rialtais Ghallda. Tháinig na pleananna seo i gcrích sa bhliain 1867 le hÉirí Amach na bhFíníní, agus na stáisiúin iargúlta de chuid na Constáblachta á n-ionsaí ag na Fíníní. Ní raibh moill ar bith ar na constáblaí an reibiliún seo a chur faoi chois ach an oiread, nó bhí na Fíníní insíothlaithe le spiairí agus le brathadóirí.

Ba ansin a bhronn an Bhanríon Victeoiria an chéimíocht "ríoga" ar an gconstáblacht mar aitheantas as ucht na hoibre a rinne na póilíní ag cloí na gceannairceoirí, agus fuair an chonstáblacht cead suaitheantais Ord Ró-Oirirc Naomh Pádraig a úsáid. Chabhraigh an Chonstáblacht leis an tsochaí a thabhairt chun síochána, agus mionchoireanna ar nós ólachan poiblí agus mionghadaíocht ag teacht in áit na dtrioblóidí tuaithe, na rúnchumann agus na sluachorraíola armtha a bhí ní ba choitianta i dtús na naoú haoise déag. Ba é Cogadh na Talún sna blianta 1879-82 an phríomheisceacht ón gclaonadh seo. Ní raibh an saol chomh séimh céanna i mBéal Feirste, príomhchathair Chúige Uladh, a bhí as aice láimhe na Constáblachta. D'fhág an teannas seicteach idir na Caitlicigh agus na Protastúnaigh a shliocht ar shaol na háite, agus phléasc trioblóidí tromchúiseacha amach sna blianta 1857, 1864, 1872 agus 1886. Sa deireadh, bhain na húdaráis an tátal as an scéal nach raibh aon mhaith sna péas áitiúla, agus b'í Constáblacht Ríoga na hÉireann a ghlac an fhreagracht as an bpóilíníocht i mBéal Feirste féin.

Bhí na "saighdiúirí dubha" le feiceáil ar fud na tíre ó na 1850idí anuas, agus deonaíodh dualgaisí nua dóibh i gcúrsaí an rialtais áitiúil, rud a d'fhág na constáblaí fite fuaite le saol an phobail san áit a raibh siad ar garastún. Sa bhliain 1901, bhí, ar a laghad, 1,600 beairic agus 11,000 constábla ann. An chuid ba mhó de na constáblaí ab ísle céim, go háirithe faoin tuaith, bhí siad an-chosúil leis na daoine ina dtimpeall, idir aicme shóisialta, chreideamh, agus chúlra ginearálta. Mar sin, ní raibh sé coitianta ar aon nós go mbeadh Protastúnaigh ag póilíniú pobail Chaitliceacha. Bhí cuid mhaith den phobal Chaitliceach míshásta leis na constáblaí sa naoú haois déag, agus iad ag cuidiú leis na baillí daoine bochta a dhíshealbhú, ag géarleanúint lucht ceannais Chonradh na Talún, agus (rud atá le léamh go fairsing i litríocht na Gaeltachta) ag ionsaí na stiléirí.

Mar sin féin, agus an saol ag dul chun suaimhnis agus chun síochána ag druidim chun deiridh don naoú haois déag, thug cuid mhór den tsochaí faomhadh agus formhuiniú don Chonstáblacht, ós rud é gur eagraíocht éifeachtúil a bhí ann agus í ina réamh-mhúnla d'fhórsaí póilíneachta ar fud na hImpireachta ar fad. Bhí cuma mhíleata ar an gConstáblacht agus nósanna míleata aici, idir bheairicí (nach raibh iontu go minic ach gnáth-thithe ar cíos, áfach), cairbíní, agus druileáil i stíl an airm. Ní raibh an chosúlacht sin ar na póilíní sibhialta sa Bhreatain Mhór agus i mBaile Átha Cliath. Ó tháinig an Chonstáblacht chun saoil, d'aithneofá "na saighdiúirí dubha" ar an tsainéide dhubhuaine le cnaipí airgid ghil agus le suaitheantais na constáblachta.

Nuair a thosaigh na náisiúnaithe Éireannacha ag éileamh Rialtas Dúchais sna blianta roimh an Chéad Chogadh Domhanda, fuair na "saighdiúirí dubha" féin tuilleadh oibre le déanamh. Bhí an tsochaí á streachailt ag teannas láidir nuair a bhí an tríú Bille um Rialtas Dúchais á rith ag Pairlimint Westminster, sa bhliain 1912. Bhunaigh lucht cáinte an Bhille Óglaigh Uladh (UVF) i Mí Eanáir 1913, agus iad siúd a bhí ar son an Rialtas Dúchais, chuir siadsan bun le hÓglaigh na hÉireann. Bhí níos mó ná 250,000 Óglach den dá chineál ann, agus cuma an airm phríobháidigh ar an dá fhórsa. B'iad na náisiúnaithe ba mhó a bhí á gciapadh ag an gConstáblacht, ach fágadh cead a gcinn is a gcos ag Óglaigh Uladh, an chuid ba mhó den am. Bunaíodh Sinn Féin sa bhliain 1905. Chuaigh an saol polaitiúil chun fíochmhaireachta, agus sa deireadh thiar thall, chuaigh na hÉireannaigh chun cogaidh lena dtír a shaoradh.

Le linn Chogadh na Saoirse cuir in eagar

Nuair a ghnóthaigh Sinn Féin olltoghchán na bliana 1918, chuir na Feisirí Náisiúnaíocha parlaimint neamhspleách, Dáil Éireann, ar bun. B'ansin a thosaigh an treallchogadh in Éirinn. Rinne Óglaigh na hÉireann ionsaí i ndiaidh a chéile ar fhórsaí na Corónach de réir na n-orduithe a fuair siad ó Mhícheál Ó Coileáin, agus ó b'iad na constáblaí an chéad líne chosanta a bhí ag an gCoróin, b'iad an dream ba mhó a bhí thíos le hionsaithe na nÓglach. Ó Fhómhar na bliana 1919 ar aghaidh, b'éigean dóibh na beairicí in áiteanna iargúlta a thréigean. San am céanna, chuir na hÓglaigh baghcat in aghaidh na Constáblachta i bhfeidhm, agus tháinig córas cúirteanna agus póilíneachta de chuid Shinn Féin in úsáid i measc na ndaoine. Bhítí ag bagairt an mhíle murdar ar na constáblaí, agus is iomaí duine acu a feallmharaíodh i ndáiríre. Ba chuid é seo de straitéis mheabhrach a bhí ag na hÓglaigh greim láimhe na Corónach a scaoileadh de na ceantair thuaithe. De réir ráiteas an Tiarna Curzon, Aire Cúrsaí Eachtracha na Ríochta Aontaithe, bhí 117 constáblaí maraithe agus 185 gonta ag na hÓglaigh roimh Mhí Dheireadh Fómhair na bliana 1920. Ar feadh trí míosa sa bhliain chéanna, d'éirigh sé chéad duine as an gconstáblacht, agus ní raibh ach naoi míle go leith acu ann i dtús na ceannairce féin.

Le fortacht a thabhairt don Chonstáblacht, agus í ag titim as a chéile le teann lagmhisnigh, d'fhruiligh Rialtas na Breataine fórsaí breise as measc iarshaighdiúirí Sasanacha agus Albanacha a bhí go díreach tar éis teacht abhaile ón Chéad Chogadh Domhanda. Cuireadh na hearcaigh seo go hÉirinn sa bhliain 1920. B'iadsan na Dúchrónaigh agus na Póilíní Cúnta a tharraing an oiread sin náire ar an mBreatain Mhór agus go ndeachaigh na Sasanaigh chun comhchainteanna leis na hÉireannaigh. Mar a dúirt Páidín Ó Sé, a raibh a athair ina ghnáthchonstábla san am: Plá agus tabhartas ó Dhía ab ea iad san am céanna. Tháinig siad chun cabhrach, ach chuir siad sceimhle agus scanradh orthu sin féin a bhí ag súil le cúnamh uathu. D'éirigh cuid mhaith de na constáblaí as, agus an samhnas a chuir brúidiúlacht uafásach na nDúchrónach orthu. Bhí cuid mhaith eile ag comhoibriú leis na hÓglaigh, cuid acu ag iarraidh teacht slán as an gcogadh agus an chuid eile ag éirí báúil le cúis na nÓglach dáiríre píre. Bhí constáblaí báúla ag cabhrú leis na hÓglaigh, mar shampla, nuair a rinne siad foghail ar bheairic na Constáblachta sa Chorr Chríochach i gContae Thír Eoghain i Meitheamh na bliana 1920. Shealbhaigh na hÓglaigh an bheairic ar an Scoil i gContae Chorcaí ar an dóigh chéanna. I Mí Dheireadh Fómhair 1920, fuair na constáblaí ardú pá, ó bhí sé ag éirí ní ba deacra bia agus beatha a choinneáil leat ar an obair seo. Bhí na siopaí á ndiúltú faoi sheirbhís, de réir mar a bhí ordaithe ag Dáil Éireann.

I Mí na Nollag 1920, rinne an tAcht um Rialtas na hÉireann críochdheighilt ar an tír, agus i Mí Iúil 1920, tháinig an sos cogaidh i bhfeidhm. I rith dhá bhliain, bhí 418 ball den Chonstáblacht maraithe. In Eanáir na bliana 1922, cuireadh deireadh le Constáblacht Ríoga na hÉireann, agus tháinig an Garda Síochána i gcomharbas uirthi sa Saorstát. B'í Constáblacht Ríoga Uladh a ghlac uirthi féin na dualgaisí céanna i dTuaisceart Éireann.

Is iomaí constábla a chuaigh ó thuaidh le dul i gConstablacht Ríoga Uladh. Dá thoradh sin, bhí 40%, nó beirt fhear as gach cúigear, ina gCaitlicigh san fhórsa sin nuair a tháinig sé chun saoil. Nuair a chuaigh na fir seo ar pinsean, áfach, thit an uimhir sin síos go 8%, ó bhí spiorad láidir Aontachtach na Constáblachta doicheallach roimh Chaitlicigh an Tuaiscirt. Chuaigh roinnt seanchonstáblaí de chuid Chonstáblacht Ríoga na hÉireann i nGarda Síochána, ó bhí siad tar éis cuidiú agus cúnamh a thabhairt do na hÓglaigh le linn Chogadh na Saoirse. Cuid eile fós, chuaigh siad ar pinsean, agus thoiligh údaráis an tSaorstáit an pinsean sin a íoc leo. Bhí constáblaí ann, freisin, a raibh eagla orthu go n-agrófaí díoltas de shórt éigin orthu, agus d'éalaigh siadsan go dtí an Bhreatain Mhór in éineacht lena dteaghlaigh. Chuaigh cuid acu seo go dtí an Phalaistín, nó bhí póilíní ag teastáil ansin faoin am seo.

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar