Constaintín Mór (Impire na Róimhe)
Ba é Constaintín Mór nó Constaintín I, nó Flavius Valerius Constantinus Impire na Róimhe idir 306 AD agus 337 AD. Rugadh é timpeall na bliana 280 AD i Niš (Naissus, Seirbia) agus d'éag sé ar 22 Bealtaine 337 AD. Ba eisean an chéad impire de chuid na Róimhe a ghlac leis an gCríostaíocht agus ba é a chinn ar leas a bhaint as an fiche cúigiú lá de mhí na Nollag mar dháta seasmhach na féile.
Críostaíocht cuir in eagar
Bhain Constaintín cáil ar leith amach de bharr gur bhain an t-arm Rómhánach faoina stiúir úsáid as comhartha Críostaíochta don chéad uair, ag cath Milvio[1]. Chloí sé ann a namhaid Maxentius, ar 28 Deireadh Fómhair 312 AD.
An bhliain dár gcionn, 313 AD, tugadh cead do na Críostaithe a gcreideamh a chleachtadh san Impireacht Rómhánach.
Chuir Constaintín An Chéad Comhdháil Nicea ar bhun sa bhliain 325 AD, rud a raibh tionchar ollmhór aige ar fhorbairt na Críostaíochta. Mar sin, bhunaigh sé Féile na Nollag, dar le Seán Ua Cearnaigh[2].
Riarachán cuir in eagar
Sa Róimh cuir in eagar
Ba é Constaintín a chuir i gcrích an Bhaisleac Nova[3] sa Róimh tar éis na bliana 313 AD.[4]
Thóg an tImpire Constaintín Baisleac Naomh Peadar i 330 A.D. ar bharr seanreilig phágánach áit a gcreidtear gur cuireadh iarsmaí an Naoimh i ndiaidh dó a bheith céasta bunoscionn.[5]
Cathair Chonstaintín cuir in eagar
Bhog Constaintín ardchathair na himpireachta as an Róimh go dtí an Bhiosáint. Bunaíodh an chathair sa bhliain AD 324. Tiomnaíodh í ar 11 Bealtaine 330 agus athainmníodh an chathair, Cathair Chonstaintín, in ómós don impire.
Thug Constaintín Mór bonn nua isteach, an soladas.[6] Choinnigh an soladas an meáchan agus an t-ábhar miotail lómhair a bhí ann ó thús suas go dtí lár an 11ú céad. Dá bhrí sin, bhí a cháil amuigh agus bhí sé ar an mbonn ba thábhachtaí a bhí in úsáid do thrádáil idirnáisiúnta ar feadh cúig chéad bliain.
Bás agus Tionchar cuir in eagar
D'éag Constaintín ar 22 Bealtaine 337 AD in Nicomedia (izmir inniu).
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ "Battle of the Milvian Bridge" (as en) (2020-05-13). Wikipedia.
- ↑ Feasta 58 (12), lch 11-12. Seán Ua Cearnaigh
- ↑ "Basilica of Maxentius" (as en) (2020-05-15). Wikipedia.
- ↑ "Ardteist - Léann Claisiceach" (2012). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2001-05-21. Dáta rochtana: 2020.
- ↑ "Taisí Naomh Peadar" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-05-22.
- ↑ BCE. "COBHSAÍOCHT PRAGHSANNA : CÉN T-ÁBHACHT ATÁ ANN DUITSE ?". Dáta rochtana: 2020.