Cothromóidí comhuaineacha

Dhá chothromóid, nó níos mó, atá fíor ag an am céanna. Maidir le dhá chomhchothromóid chomhuaineacha le dhá athróg anaithnide, cosúil le x + y = 5 agus x - y = 3, bíonn péire réiteach amháin, sa chás seo x = 4 agus y = 1. Ach is féidir go mbeidh uimhir éigríochta réiteach acu, mar a tharlaíonn sa chás seo: x + 2y = 3 agus 2x + 4y = 6, a bhfuil na réitigh sa bhfoirm seo a leanas: x = k agus y = ½ (3 - k). Is féidir nach bhfuil aon réiteach acu freisin, mar is fíor sa chás seo: x + 2y = 4 agus x + 2y = 5. Is mar an gcéanna i gcás n cothromóid chomhuaineach le n athróg anaithnid: is féidir go bhfuil tacar amháin réiteach aonarach ann, nach bhfuil réiteach ar bith ann, nó uimhir éigríochta réiteach ann.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Cothromóidí comhuaineacha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 176.