An tslonn a chuireann síos ar imoibriú ceimiceach. Is gá go mbeidh an chothromóid cothromaithe, i dtéarmaí na n-uimhreacha adamh maidir le gach dúil atá i gceist agus i dtéarmaí an luchta leictrigh. Mar shampla, san imoibriú idir iain sármhanganáite (VII) is iarann (II) chun mangainéis (II) is iarann (III) a tháirgeadh, MnO4- + 5 Fe2+ + 8 H+ → Mn2+ + 5 Fe3+ + 4 H2O, ídítear aigéad (H+) agus táirgtear uisce freisin. Ar an taobh clé tá 1 Mn, 4 O, 5 Fe is 8 H, agus is mar an gcéanna ar an taobh deas. Ar an taobh deas tá lucht 1 (-) + 10 (+) + 8 (+) = 17 (+) agus ar an taobh deas tá 2 (+) + 15 (+) = 17 (+). Mar sin, tá an chothromóid cothromaithe.[1]

Cothromóid cheimiceach

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Cothromóid cheimiceach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 176.