Críostóir Ó Cuana

riarthóir CLG

Is iaruachtarán ar an CLG é Críostóir Ó Cuana (Béarla: Christy Cooney). Toghadh ina uachtarán é ar an 12 Aibreán, 2008 ag Comhdháil Chumann Lúthchleas Gael na bliana sin, agus tháinig sé isteach i mbun oifige sa bhliain 2009. Tháinig sé i gcomharbacht ar Nioclás Ó Braonáin, as Contae Chill Chainnigh.

Infotaula de personaCríostóir Ó Cuana
Beathaisnéis
Breith1952
71/72 bliana d'aois
Uachtarán Cumann Lúthchleas Gael
2009 – 2012
← Nioclás Ó BraonáinLiam Ó Néill → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
FostóirAn Foras Áiseanna Saothair Cuir in eagar ar Wikidata

Is as Eochaill i gContae Chorcaí é Ó Cuana, áit inar rugadh é sa bhliain 1952. Nuair a toghadh Nioclás Ó Braonáin sa bhliain 2005, bhí Ó Cuana san iomaíocht fós, ach fuair Ó Braonáin seacht vóta déag ní ba mhó. Agus é ag glacadh oifige, dúirt Ó Braonáin go mbeadh sé ag súil go gcuirfeadh Ó Cuana a ainm isteach sa chéad toghchán eile, agus rinne sé amhlaidh sa bhliain 2008.

I dtoghchán na bliana 2008, bhailigh Ó Cuana níos mó ná leath na vótaí, ag fáil an ceann is fearr ar Liam Ó Néill agus Seán Ó Fógartaigh.

Tháinig Liam Ó Néill i gcomharbacht air sa bhliain 2012.