An chéad ghaireas a ceapadh chun lucht leictreach a stóráil. Ceapadh in Ollscoil Leyden san Ollainn é i 1746. Crúsca gloine atá ann, clúdaithe taobh istigh is amuigh le scragaill miotail a gceanglaítear an scragall istigh le slat miotail tríd an stopallán inslithe. Dhéantaí an crúsca a luchtú le gineadóir leictreastatach de ghnáth. Luathfhoirm den toilleoir.[1]

Crúsca Leyden

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Crúsca Leyden". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 408.