Meaisín atá in ann ualaigh a ardú is a chur in ionad. Is é a bhíonn inti ná géag a iompraíonn ulóg is atá ceangailte le crann ar féidir léi casadh timpeall air, agus le rópa thar an ulóg ar féidir a cheann eile a chasadh ar bhairille. Bhí craenacha ann anallód, fuinnmhithe ag muileann coise, a bhí in ann ualach timpeall 5 thonna a ionramháil. Tógadh craenacha gaile sa 18ú céad a bhí in ann níos mó ná 20 tonna a ardú, agus anois tá craenacha ollmhóra, ar snámh nó iompartha ar fheithiclí bóthair, atá in ann níos mó ná 200 tonna a ardú. Úsáidtear ar dhugaí iad, i bhfoirmeacha ar leith atá deartha chun coimeádáin chaighdeánacha lasta a ionramháil. Baintear feidhm go huilíoch freisin as túrchraenacha i dtógáil foirgneamh ilstórach, agus craenacha soghluaiste ar dhroichid iompair sa tionsclaíocht.[1]

Craein

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Craein". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 177.