Crochadh cónspriongaí ingearacha

Cineál crochadh feithicle is ea crochadh cónspriongaí ingearacha. Bhí sé á úsáid ar feithiclí armúrtha troda de chuid na Stát Aontaithe agus na hIodáile, den chuid is mó, ó na 1930í go dtí deireadh an Dara Cogadh Domhanda.

Cónspriongaí ingearacha tanc Stuart

Dearadh agus úsáid cuir in eagar

 
Tanc Éadrom M2
 
Cónspriongaí Feithicil Tarrthála Tancanna M32

Bhí an crochadh seo ar na comhpháirteanna nua a cuireadh isteach i dtancanna Meiriceánacha le linn na 1930í, in éineacht leis an inneall radúil cúil agus traiceanna rubharbhosc.

Is sprionga comhbhrú ar dhealramh cóin é an cónsprionga. Sleamhnaíonn na cóin thar a chéile agus is faidede cúrsa na spriongaí dá bharr. Is treise na spriongaí seo ná spriongaí lannóige, corna agus toirsiúin den toirt chéanna.[1]

Rinne Armlann Rock Island tanc beag don mharcshlua a raibh crochadh cónspriongaí ingearacha aici seachas crochadh spriongaí lannóige. Caighdeánaíodh í mar an M1 Combat Car agus cuireadh ar seirbhís in Arm na Stát Aontaithe í sa bhliain 1937.[2] Baineadh feidhm as sa Tanc Éadrom M2 agus sna tancanna Stuart ina dhiaidh sin. Ba chuid de dhearadh an Stuart é a cuireadh chun úsáide sna Tanc Meánach M2 ar fáisceadh an Lee M3 agus an Sherman M4 aisti agus an crochadh céanna acu.

Taispeánadh nach fada a mhaireadh crochadh cónspriongaí ingearacha ar na múnlaí ba nua den Sherman toisc go raibh meáchan an tanc ag méadú de bharr gunna níos troime agus traiceanna níos leithne. I ndiaidh lár na bliana 1944 baineadh feidhm as crochadh cónspriongaí cothrománacha.[3] Sa chrochadh seo cuireadh an péire rothaí bóthair i gcoinne a chéile le cónspriongaí. Nuair a chomhbhrúfadh roth tosaigh nó roth cúil an bhógaí na cónspriongaí cothrománacha chuirfí an t-ualach ar an ngéag eile. Cé go raibh an crochadh nua níos troime bhí sé níos treise; b’fhéidir athrach rotha a chur isteach gan dua agus bhí fad curtha le cúrsa na spriongaí.

 
Cónspriongaí cothrománacha ar M-51 Super Sherman

Nótaí cuir in eagar

  1. Konrad F., Jr. Tanks & Artillery: Standard Guide to U S World War II. Schreier. Lch 6.
  2. Globalsecurity M1 Combat Car
  3. AFV database