Saghas cuimhne ríomhaire a saothraíodh ar dtús sna 1970idí. Cuimhne inléite inscríofa an cineál cuimhne seo, a fheidhmíonn trí mhionbholgáin mhaighnéadaithe pholaraithe, a sheasann do ghiotáin, a chasadh. Is struchtúir an-storrúla ón taobh meicniúil iad seo, agus feidhmíonn siad go maith thar raon mór teochta. Ach is mall costasach iad i gcomparáid le cuimhní leathsheoltacha. Baintear feidhm astu i gcomhshaolta garga.[1]

Cuimhne bholgánach

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Cuimhne bholgánach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 192.