Fuair na Liotuánaigh sách deacair a gcultúr agus a litríocht dhúchasach a fhorbairt, nó níor tháinig a dteanga i gcrann mar theanga chultúrtha ach ón naoú haois déag i leith. Ní féidir a rá go ndéanfadh na Polannaigh aon iarracht an Liotuáinis a choinneáil faoi chos, ach mar sin féin, chuaigh cuid mhaith de na huaisle Liotuánacha leis an bPolainnis mar theanga chultúrtha. An pósadh a rinne cultúr tíre, béaloideas agus miotaseolaíocht na Liotuáine le teanga agus litríocht na bPolannach, áfach, bhí sé iontach torthúil, agus tá litríocht chlasaiceach na Polainnise foirgthe le móitífeanna Liotuánacha. Dá réir sin, dearcann na Liotuánach ar fhile náisiúnta na Polainne, Adam Mickiewicz, mar dhuine dá gcuid féin, agus iad den tuairim gur chóir Adomas Mickėvičius a thabhairt air ó cheart.

Teanga cuir in eagar

Is í an Liotuáinis príomhtheanga na tíre. Lietuvių kalba a thugann lucht a labhartha ar a dteanga féin. Is ceann den dá theanga Bhaltach atá fós beo í an Liotuáinis (chomh maith leis an Laitvis). Is brainse sainiúil de na teangacha Ind-Eorpacha iad na teangacha Baltacha.

Creideamh cuir in eagar

Is í an Chríostaíocht príomhchreideamh na Liotuáine. De réir an daonáirimh sa bhliain 2001, ba Chaitlicigh iad 79% de mhuintir na tíre.

Ceol cuir in eagar

Is ceoltóirí cáiliúla iad na Liotuáinigh seo a leanas.

  • 4FUN
  • Amberlife
  • Rimantas Armonas
  • Vytautas Babravičius
  • Artūras Barysas
  • Vyacheslav Ganelin
  • Gintaras Januševičius
  • Ceathairéad Jarosekas
  • Jurgis Karnavičius
  • Jurgis Karnavičius (born 1884)
  • Vytautas Kernagis
  • Romas Lileikis
  • Arnoldas Lukošius
  • Andrius Mamontovas
  • Marijonas Mikutavičius
  • Ona Narbutienė
  • Juozas Rimas
  • Sati
  • Jurga Šeduikytė
  • Aivaras Stepukonis

Litríocht nua-aoiseach na Liotuáinise cuir in eagar

B'é Kristijonas Donelaitis a chuir an chéad tús le litríocht nua-aoiseach na Liotuáinise leis an dán Metai ("Séasúir na Bliana"). Níor tháinig an dán i bprionta ach sa bhliain 1815, beagnach leathchéad bliain i ndiaidh bhás an fhile féin, agus is dócha nach dtiocfadh choíche, murach gur fhoilsigh an daonchara Prúiseach Ludwig Rhesa é. Sa bhliain 1845, tháinig an chéad leabhar staire amach sa teanga, mar atá, Būdas senovės Lietuvių kalnėnų žemaičių ("Nósanna na Sean-Liotuánach") le Simonas Daukantas.

Agus an naoú haois déag ag druidim chun deireanais, thosaigh ag géarú ar na feachtais a bhí ar siúl ag na húdaráis Phrúiseacha agus Rúiseacha leis an Liotuáinis a chur faoi chos i gcríocha an dá thír seo. Chuir na Prúisigh béim ar Ghearmánú na scoileanna, agus an Rúis Impiriúil ag troid na teanga féin: cuireadh cosc le foilsiú na leabhar Liotuáinise, ach an aibítir Choireallach a úsáid. Ní raibh cosc le leabhair Liotuáinise a chur i gcló sa Phrúis, áfach, agus b'ansin a d'fhoilsítí an chuid ba mhó de na leabhair Liotuáinise san am.

Neamhspleáchas cuir in eagar

Le teacht an neamhspleáchais, bhí cead ag na Liotuánaigh a dteanga a shaothrú agus ollscoil Liotuáinise a bhunú in Kaunas. Ní raibh an Sóivéadú i ndiaidh an dara cogadh domhanda in ann an Liotuáinis a bhaint de bhéal na ndaoine ná an saol cultúrtha a scrios, siúd is go raibh d'iallach ar go leor intleachtóirí Liotuánacha éalú roimh na díormaí Sóivéadacha agus a raibh fágtha dá saol a chaitheamh ar deoraíocht. Bhí tionchar nár bheag ag go leor acu seo ar léann agus chultúr a dtíortha nua. Is é an t-ainm is mó le rá acu, b'fhéidir, ainm Marija Gimbutas, a chaith an tréimhse ab fhearr dá saol ina hOllamh le Seandálaíocht in Ollscoil Chalifornia i Los Angeles (UCLA).

Scríbhneoirí an lae inniu cuir in eagar

I measc scríbhneoirí an lae inniu, is é an file Tomas Venclova an duine is mó le rá acu. B'éigean dó, áfach, éalú ón Liotuáin Shóivéadach sa bhliain 1977, agus níor tháinig a chuid leabhar i gcló ina thír dhúchais roimh imeacht an Chumannachais.

Spórt cuir in eagar

I gcúrsaí spóirt, bhí na Liotuánaigh riamh chun tosaigh ar na náisiúntachtaí eile ar fhoireann chispheile an Aontais Shóivéadaigh. Nuair a bhain an tír amach an neamhspleáchas, osclaíodh geataí an NBA d'imreoirí na Liotuáine, agus is iomaí cispheileadóir ón Liotuáin a chonacthas ag imirt i léig náisiúnta cispheile Mheiriceá ó shin.