Cumann Léann Éireann na hAstráile agus na Nua-Shéalainne

Spreagann Cumann Léann Éireann na hAstráile agus na Nua-Shéalainne (Béarla: Irish Studies Association of Australia and New ZealandISAANZ) a chuid ball chun staidéar a dhéanamh ar Éirinn agus ar shliocht na nÉireannach san Astráile, sa Nua-Shéalainn agus i dtíortha eile trí eolas agus scéala a chur á spré ina measc.

Bosca Sonraí EagraíochtaCumann Léann Éireann na hAstráile agus na Nua-Shéalainne
Sonraí
Cineálcumann léinn Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinisaanz.org Cuir in eagar ar Wikidata

Ballraíocht cuir in eagar

Tá na rudaí a leanas ar fáil ag na baill:

  • Cóip bhliantúil den Australasian Journal of Irish Studies
  • Nuachtlitreacha
  • Eolas ar ócáidí léinn Éireannaigh ar fud na hAstráile

Australasian Journal of Irish Studies (AJIS) cuir in eagar

Iris léannta de chuid ISAANZ is ea AJIS (Iris Astraláiseach an Léinn Éireannaigh). Thugtaí Australian Journal of Irish Studies uirthi agus leantar fós den sean-uimhriú. Iris bhliantúil phiarmheasúnaithe í agus ábhar de chuid na Nua-Shéalainne inti anois.

Tá ailt ar chúrsaí staire, litríochta, polaitíochta, scannánaíochta, drámaíochta agus creidimh san iris. Tá fáilte ar leith aici roimh ailt a bhfuil buntaighde ar Éireannaigh na Nua-Shéalainne iontu.

Comhdhálacha cuir in eagar

Bíonn comhdhálacha Astraláiseacha Léinn Éireannaigh ar siúl gach dhá bhliain faoi choimirce ISAANZ.

Bhí an chéad cheann ann sa bhliain 1981, agus tá cúig cinn déag eile reachtálaithe ó shin i leith. Tá roinnt de na páipéir le fáil i sraith na "Irish-Australian Conference Proceedings" agus san AJIS. Tháinig dhá alt thábhachtacha bhibleagrafacha ó lámh an Dr Val Noone ar an ábhar seo: "Nine Irish-Australian Conference Publications: Content and Context"[1] agus "Recent Australian Irish research papers, 1998-2007"[2]

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar