Ciseal an-tanaí ábhar inslithe ocsaíde idir dhá leictreoid fhorsheoltacha, a úsáidtear den chuid is mó i dtomhas réimsí maighnéadacha. Ceaptha ag Brian Josephson. Nuair a laghdaítear an teocht a dhóthain, treánn leictreondíseanna tríd an gciseal inslithe trí thollánú candamach. Má chuirtear réimse maighnéadach i bhfeidhm ar an gcumar, athraíonn sé seo an sruth tríd an inslitheoir, rud a ligeann don chumar feidhmiú mar lasc ardluais a fhéadfaidh a bheith an-áisiúil i ríomhairí amach anseo.[1]

Cumar Josephson

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Cumar Josephson". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 382.