Taiséadach línéadaigh 4 mhéadar faoi mhéadar amháin a bhfuil imlíne de chruth colainne air é Taiséadach Torino.[fíoras?] Chreideadh roinnt gurbh íomhá bhréige de Íosa Críost a bhí ann. Is é an tuairim choitianta anois gurb ó aois Chríost a thagann sé, cé gurb ann dóibh siúd fós a cheapann gur samhail bhréige d'Íosa atá air.

Claonchló

Déantar tagairt do thaiséadach a tógadh go Constantinople sa bhliain 944, ach ainneoin seo níl taifead iomlán ar a bhain dó ar feadh tréimhse fhada tar éis sin. Tháinig sé chun solais arís sna 1350dí ag Ridire Francach, agus bronnadh ar Phápa Pól é in 1983. Rinneadh dátú carbóin air sa bhliain 1988 agus bhraitheadar gur ón dara nó tríú céad déag a thagann sé, ach is léir anois gur ar phíosa ó imeall an taiséadaigh, píosa a cuireadh leis níos déanaí, a tógadh ar sampla a tástáladh. Sa tástáil is déanaí rinneadh iarracht a léiriú go bhféadfaí taiséadach mar é a chruthú sa lá atá inniu ann ach chruthaigh Paul Bromley i gcaint beagnach 2 uair a chloig[1] nach féidir le heolaíocht uile an lae inniu cóip den taiséadach a athchruthú.

Tagairtí cuir in eagar