Is féile Chríostaí a cheiliúrann Séire an Tiarna (nó an Suipéar Déanach) a bhí ag Íosa Críost agus ag na hAspail é Déardaoin Álainn, Déardaoin Mandála (Maundy Thursday i nBéarla), Déardaoin na Seachtaine Móire, Déardaoin Chorp Chríost, nó fiú Déardaoin Naofa.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtDéardaoin Mandála
Íomhá
Lipéad sa teanga dhúchais(la) Dies Cenae Domini Cuir in eagar ar Wikidata
Cineállá féile Críostaí Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósDéardaoin Cuir in eagar ar Wikidata
Comóireann séAn Suipéar Déanach Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deEastern Orthodox liturgical calendar (en) Aistrigh, An tSeachtain Mhór agus Paschal Triduum (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
3 lá roimh an Cháisc Cuir in eagar ar Wikidata
Lá den tseachtainDéardaoin Cuir in eagar ar Wikidata
PríomhábharAn Suipéar Déanach Cuir in eagar ar Wikidata

Chun an dáta a aimsiú, tóg dáta Domhnach na Pailme agus téir go dtí an Déardaoin ina dhiaidh. Sin dáta Déardaoin Mandála.[1]

Críost ag ní cosa na nAspal

Na soiscéil cuir in eagar

 
St. Giles, Wrexham, 2007
 
Mórshiúil i nGuimaraes[2], Déardaoin Naofa

Is iad na soiscéil bunchloch na Críostaíochta. Léann muid gur nigh Íosa cosa na ndeisceabal ag an Suipéar déanach :

‘D’éirigh sé ón suipéar, agus leag sé uaidh a chuid éadaigh, agus cheangail sé tuáille faoina choim. Ansin chuir sé uisce sa bháisín agus thosaigh ag ní cosa na ndeisceabal agus á dtiormú leis an tuáille a bhí faoina choim’ (Eoin 13:4-5).

Nósanna cuir in eagar

  • cosa na gcimí a ní ar Dhéardaoin Mandála[1]
  • cuireadh a thabhairt do na bochtáin suí chun boird sa Vatacáin.[1]

In Éirinn cuir in eagar

‘Déardaoin na nIongan’ a bhíodh air seo agus tá cuntas ann a deir go raibh nós ag daoine a gcuid ingne a ghearradh ar an lá seo agus go raibh nós ag mná rud beag dá gcuid gruaige a bhearradh chomh maith chun ómós a léiriú don mhéid a d’fhulaing Íosa.[3]

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 catholicbishops.ie (2013). "Seachtain na Scoileanna Caitliceacha 2013". Dáta rochtana: 2019.
  2. catholicbishops.ie (2013). "Seachtain na Scoileanna Caitliceacha 2013". Dáta rochtana: 2019.
  3. Dubhán Ó Longáin (2024-03-31). "Deasghnátha na nGael um Cháisc" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2024-04-01.