Aon phróiseas trína bhfaightear uisce úr ón sáile. Slí amháin is ea an sáile a dhriogadh: néalaítear é, rud a chruthaíonn galuisce agus a fhágann an salann is aon ábhar tuaslagtha eile ina dhiaidh. Ansin athchomhdhlúitear an galuisce ina uisce úr. Is féidir frithosmóis a úsáid chun díshalandaithe freisin: bíonn soitheach in úsáid agus é roinnte ina dhá leath ag scannán leath-thréscaoilteach. Caidéalaítear sáile isteach i leath amháin den soitheach faoi ardbhrú, agus brúitear an t-uisce úr tríd an scannán, ag scagadh an tsalainn thuaslagtha amach as leis an scannán scagach. Is gá cuid mhaith fuinnimh a úsáid chun aon cheann de na próisis seo a chur ar siúl, agus mar sin is costasach iad. Ach in áiteanna ar Domhan a bhfuil uisce úr gann agus sáile na farraige le fáil, is é an t-aon slí chun uisce inólta a sholáthar. Úsáidtear leictreascagdhealú freisin, agus reo an oighir amach as an uisce. Táirgtear 50% d'uisce díshalandaithe an Domhain sa Mheánoirthear, agus an leath eile san Afraic, an Áise, an Astráil is na Stáit Aontaithe.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Díshalandú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 215.