Tharla dóiteán Ghleann na Muc ag láithreán stad i gCarraig Mhaighin i ndeisceart Bhaile Átha Cliath ar 10 Deireadh Fómhair 2015. Maraíodh cúigear daoine fásta agus cúigear páistí. B'shin iad Thomas Connors (28 bliain), a bhean chéile Sylvia Connors (30) agus a dtriúr leanaí Jim (5), Christy (3) agus Mary a bhí cúig mhí d'aois; Willie Lynch (25) ar deartháir le Sylvia Connors é, a pháirtí Tara Gilbert (27) a bhí ceithre mhí ar leanbh, agus a n-iníonacha Jodie (9) agus Kelsey (4); agus Jimmy Lynch (39) deartháir eile le Sylvia Connors.[1][2] Friochtán sceallóg ba chúis leis an dóiteán.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtDóiteán Ghleann na Muc
Íomhá
Map
 53°14′32″N 6°11′24″W / 53.2423°N 6.1901°W / 53.2423; -6.1901


Dóiteáin eile i gCarraig Mhaighin i 2015

Láithreán éigeandála sealadach a bhí ann a cuireadh ar fáil do theaghlaigh a bhí ag cur fúthu ar thaobh an bhóthair, an lucht siúil. Níor bhain rialacháin sábháilteachta dóiteáin le láithreáin shealadacha den sórt seo, a dúirt an chomhairle áitiúil ag an am.

Teach soghluaiste agus galánta ... sa tSualainn

Agóid cuir in eagar

Fágadh neart daoine gan dídean tar éis an dóiteáin. Níor theastaigh ach dídean sa cheantar inar bhásaigh an deichniúr a chur ar fáil gan mhoill don dream beag (15 duine) a tháinig slán.[3]

Cúpla lá níos déanaí, bhí tearmann sealadach ar phíosa talún i gCéide Bhaile na Carraige (Rockville Drive) ar Bhóthar Ghleann na Muc geallta do lucht an láithreáin staid. Ach ní raibh muintir an eastáit sásta ar bith.[4] Sheas bunadh na háite an fód agus níor ligeadh isteach oibrithe na Comhairle chun láithreán sealadach a thógáil ar an stráice talún don lucht siúil.[5]

Iarmhairt cuir in eagar

Sa bhliain 2018, thóg teaghlach amháin cás dlí.[6]

Rialaigh coiste cróinéara sa bhliain 2019 gur de bharr míthapa a bhásaigh na daoine in 2015.

Mhol an giúiré go dtabharfaí isteach treoirlínte nua maidir le sábháilteacht dóiteáin ag láithreáin stad an lucht siúil.

Cuireadh €50m ar fáil le haghaidh tithíocht don lucht siúil ach nár úsáid na húdaráis áitiúla an t-airgead, a dúirt an Stiúrthóir Ghluaiseacht an Lucht Siúil sa bhliain 2015.[7]

Tá contúirt ann i gcónaí go bhféadfadh rud éicint mar seo tarlú arís mar gheall go bhfuil plódú ar roinnt mhaith de na láithreacha.[8][9]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Nuacht RTÉ (2019-01-22). "De bharr 'míthapa' a bhásaigh deichniúr ag láithreán stad" (as ga). 
  2. Nuacht RTÉ (2015-10-12). "Leabhar Comhbhróin don deichniúr a bhásaigh i gCarraig Mhaighin" (as ga). 
  3. Cathal Mac Coille (24 Deireadh Fómhair 2015). "Is leor focal amháin mar chur síos ar ár bhfaillí ó dódh deichniúr chun báis i gCarraig Mhaighin – náire" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-10-10.
  4. Nuacht RTÉ, Peadar Mac Gaoithín (2019-01-14). "Friochtán sceallóg ba chúis le dóiteán inar maraíodh deichniúr" (as ga). 
  5. cogg.ie. "Dínit an Duine". Dáta rochtana: 2020.
  6. Kitty Holl. "Carrickmines fire: Family takes legal action over fatal blaze" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-10-10.
  7. Nuacht RTÉ (2015-10-13). "Ionaid lucht siúil le measúnú" (as ga). 
  8. "Carrickmines should have been a devastating wake-up call but Traveller housing remains dire" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-10-10.
  9. Fri, 06 Mar, 2020 - 13:11 (2020-03-06). "Meath halting site residents fear a repeat of Carrickmines disaster" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2020-10-10.