Saghas DNA ina bhfuil seichimh ghearra bunphéirí, iad athdhéanta arís is arís eile agus coinnithe i réigiún na ceintrimíre de na crómasóim. Is féidir go bhfuil baint acu le teacht le chéile réigiúin na gceintriméirí ina bpéirí le linn méóise. Ní hionann DNA satailíte na gceintriméirí is DNA micreasatailíte, ina bhfuil aonaid de sheichimh athdhéanta DNA, ach iad dáilte ar feadh fad na gcrómasóm. Tá na seichimh athdhéanta DNA seo sa DNA micreasatailíte aonarach don indibhid, agus is ar an bhfíoras seo a bhunaítear anailís DNA lorg méire le haghaidh ionannú daoine.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "DNA saitilíte [sic]". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 217.