Daisy Bates

iriseoir Gael-Astrálach

Antraipeolaí Éireannach agus oibrí leasa shóisialaigh do Bhundúchasaigh na hAstráile ab ea Daisy May Bates (1859–1951).

Infotaula de personaDaisy Bates

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(und) Margaret Dwyer
16 Deireadh Fómhair 1859
Ros Cré, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás18 Aibreán 1951
91 bliana d'aois
Adelaide, South Australia Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreIriseoir
Gairmantraipeolaí, iriseoir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Daisy Bates ag obair
Daisy Bates ag obair

Óige Agus Oideachas cuir in eagar

Bhí saol gnóthach ag Bates agus í ag fás aníos. Fuair a deartháir cúpla, Francis, bás go gairid i ndiaidh a breithe. Bhí muileann olla ar siúl ag James Hunt agus bhí ceangal gnó aige sa Bhreatain Bheag. Fuair a mháthair bás in 1864, áfach, Tar éis bhás a máthar nuair a bhí sí óg, phós athair Bates arís agus chuaigh sé ar imirce go Meiriceá rud a d'fhág a chlann ina dhiaidh. Fuair sé bás ar an turas thall. Thóg a seanmháthair Nóinín i i mBaile Chroine, gar do Ros Cré, ar eastát cothrom seacht n-acra is seachtó. Cuireadh oideachas uirthi i gclochar an Chroí Ró-Naofa i Ros Cré.[1]

Pósadh agus Teaghlach cuir in eagar

In 1884, phós sí Edwin ("Breaker") Morant, Gan colscaradh nó neamhniú a fháil, phós Daisy Jack Bates in 1885. Thart ar bhliain tar éis dó Jack Bates a phósadh, rugadh mac do Daisy, Arnold. Sa bhliain 1894, d'fhág Daisy a mac le muintir Bates agus d'fhill sí ar Shasana.[2] Ar feadh cúig bliana ó 1894, bhí cónaí ar Bates i Londain.[3] Mharaigh Arm na Breataine a céad fhear céile mar gur scaoil sé 6 príosúnaigh cogaidh sa bhliain 1902..

Gairme cuir in eagar

Postanna cuir in eagar

 
Daisy Bates sa bhaile I Ooldea (circa 1921)

Fuair sí obair mar ghobharnóir ar stáisiún eallaigh Fanny Down i dtuaisceart Tír na Banríona. Tá a cuntas ar a saol i Londain chomh doiléir agus chomh míthreorach is a bhí a bunús, ach is cinnte gur oibrigh sí ar feadh tréimhse ghairid do W. T. Stead on the Review of Reviews agus fuair sí cleachtas éigin san iriseoireacht. Sa bhliain 1899, d'fhill sí ar an Astráil chun mí-úsáid i gcoinne bundúchasaigh na hAstráile a fhiosrú, rud a léigh sí in The Times. Chaith sí ocht mí i misean a bhí á reáchtáil ag na manaigh Trappist i gCuan Beagle i dTuaisceart na hAstráile[4]

Ag obair leis na Bundúchasaigh na hAstráile cuir in eagar

Tháinig suim chuig Bates sna hAstrálaigh Bhundúchasacha as a gcultúir féin. Ar an iomlán, chaith Bates 40 bliain ag staidéir ar shaol, stair, cultúr, deasghnátha, creidimh agus nósanna bundúchasacha. Rinne sí taighde agus scríobh sí ar an ábhar agus í ina cónaí i bpuball i lonnaíochtaí beaga ó Iarthar na hAstráile go himill Mhachaire Nullarbor, lena n-áirítear in Ooldea san Astráil Theas.

 
Daisy Bates le bundúchasaigh, circa 1911

Le linn a blianta in Ooldea, mhaoinigh sí a tacaíocht do na bundúchasaigh trína maoin a dhíol. Chun cur lena hioncam, scríobh sí sraith alt teidealta "My Natives and I"[5] tríd an iriseoir agus údar Ernestine Hill. Scriobh sí faoi scéalta gáifeacha canablacht i measc na bundúchasaigh.[6] Bhí an-tóir ar na scéalta seo.

Conspóid cuir in eagar

Níl obair Bates gan chonspóid. Chomh maith lena taifeadadh ar chultúr bundúchasach, d'fhoilsigh sí tuairiscí bréagach ar an cannibalachas ina saothar "The Passing of the Aborigines" i 1938.[7] Cé go raibh an tuarisc gan bhunús, bhí an tóir air i measc pobal na hAstráile.[8]

Saol déanach agus bás cuir in eagar

I 1934 bronnadh Ord Cheannasaí Impireacht na Breataine ar Bates, a bhí 75 bliain d’aois ag an am. B'éigean di filleadh ar Adelaide an bhliain dár gcionn mar gheall ar theip a sláinte agus a radharc.[9] Ba ghearr gur tháinig feabhas ar a sláinte agus d’éirigh léi a chur ina luí ar Rialtas an Chomhlathais tuarastal beag a íoc léi chun a nótaí agus a lámhscríbhinní a chur in ord, chun iad a chaomhnú don todhchaí.[10] Theastaigh pas iarnróid saor in aisce uaithi freisin chun ligean di taisteal agus cuairt a thabhairt ar bannaí de bhundúchasaigh.  

Nuair a bhí sí 89, rinne sí iarracht dul i dteagmhail lena mhac Arnold Hamilton Bates. D'fhreastail sé ar na Bráithre Críostaí' Choláiste, Perth, ar feadh thart ar chúig bliana ag tús na bliana céad bliain, agus ina dhiaidh bhí sé ina printíseach innealtóireacht. Bhi a fhios ag Bates go raibh a mhac sa Chéad Chogadh Domhanda ach ní raibh a fhios aicí cén seirbhís a bhí sé mar bhall de.[11]Bhí Arnold ina chónaí sa Nua-Shéalainn ach dhiúltaigh sé aon rud a dhéanamh lena mháthair.

D'éag Bates ar 18 Aibreán 1951 agus é 91 bliain d'aois. Cuireadh í i Reilig an Bhóthair Thuaidh Adelaide.

Tágairtí cuir in eagar

  1. "Bates, Daisy May | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2023-11-21.
  2. "Daisy May Bates". www.samuseum.sa.gov.au. Dáta rochtana: 2023-12-12.
  3. "Bates, Daisy, 1859-1951 - Social Networks and Archival Context". snaccooperative.org. Dáta rochtana: 2023-12-05.
  4. "Bates, Daisy May | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2023-11-21.
  5. "MY NATIVES AND I.". Nowra Leader (27 Lún 1937). Dáta rochtana: 2023-11-26.
  6. "OUR CANNIBALS.". Sydney Morning Herald (27 Ean 1930). Dáta rochtana: 2023-11-21.
  7. Daisy Bates (2022-11-22). "The Passing of the Aborigines" (as en). DigiCat. 
  8. "Daisy Bates, the Edwardian Irishwoman in the Australian outback" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2023-12-12.
  9. "MRS. DAISY BATES". Southern Cross News (16 Feabh 1945). Dáta rochtana: 2023-12-12.
  10. "Daisy May Bates". www.samuseum.sa.gov.au. Dáta rochtana: 2023-11-28.
  11. "Aborigines Friend Daisy Bates Seeks Her Son". Daily News (4 Iúil 1949). Dáta rochtana: 2023-11-26.