Daphne Guinness
Is dearthóir, aisteoir, léiritheoir agus ceoltóir Sasanach í Daphne Diana Joan Susanna Guinness (a rugadh ar an 9 Samhain 1967).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 9 Samhain 1967 56 bliana d'aois Londain, England |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Heathfield School (en) |
Meáchan | 58 kg |
Airde | 172 cm |
Dath súile | Glas |
Dathán gruaige | Gruaig fhionn |
Gníomhaíocht | |
Gairm | péiceallán, léiritheoir scannáin, ban-aisteoir, dearthóir faisin |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Céile | Spyros Niarchos (1987–1999) |
Páirtí | Bernard-Henri Lévy |
Páiste | Nicolas Stavros Niarchos ( Spyros Niarchos) Alexis Spyros Niarchos ( Spyros Niarchos) Ines Niarchos ( Spyros Niarchos) |
Athair | Jonathan Guinness agus Suzanne Lisney |
Luathshaol cuir in eagar
Is é Jonathan Guinness, 3ú Barún Moyne, an mac is sine le Diana Mitford agus Bryan Guinness a hathair. Ba iníon í Diana Mitford le David Freeman - Mitford, 2ú Barún Redesdale, athair na deirfiúracha Mitford. Fuair Mitford colscaradh ó Ghuinness agus phós sí ceannaire an British Union of Fascists (Gaeilge: Aontas Faisistithe na Breataine), Sir Oswald Mosley, 6ú Bairnéad Ancoats. Tá sé ráite ag Daphne Guinness nach raibh a fhios aici faoi chleamhnachtaí polaitiúla Mosley, sular chuala sí i 1980 ar an BBC News go bhfuair sé bás.
Saol agus gairm bheatha cuir in eagar
Bunús cuir in eagar
Tá aithne ar Daphne Guinness mar béithe, péiceallán, dearthóir, agus ealaíontóir .
Óige agus Oideachas cuir in eagar
Is as Hampstead i Londain de Daphne Guinness agus de shliocht na hÉireann agus na Fhriance í chomh maith agus is ban-oidhre den chlann Guinnesss í. Is é Jonathan Guinnes, 3ú Barún Moyne é a hathair agus Susan Linsey í a máthair . Thógadh suas í in Éireann, Sasana, Párás agus an Spáinn. Ag fás suas bhí an suim aici sa sna healaíona agus rinne sí staidir ar tarraingt, drámaíocht agus ceol.