David Kelly (saineolaí arm)

(Athsheolta ó David Christopher Kelly)

Micribitheolaí is comhairleoir ar rialú arm a saolaíodh i nGleann an Rhondda sa Bhreatain Bheag ab ea David Christopher Kelly (14 Bealtaine 194417 Iúil 2003). Rinne sé taighde i bPorton Down, ionad taighde de chuid rialtas na Breataine ar chogaíocht cheimiceach is bhitheolaíoch. Comhairleoir sinsearach do na Náisiúin Aontaithe ar chogaíocht bhitheolaíoch san Iaráic (1994-1999). I 2003 bhí baint aige leis an easaontas idir rialtas na Breataine is an BBC roimh thús an chogaidh san Iaráic. Líomhain an rialtas go raibh airm ollscriosta ag an Iaráic, ach cheistigh an BBC cé chomh fírinneach is a bhí sé sin. Go luath tar éis dó teacht faoi iniúchadh na meán cumarsáide, chuir sé lámh ina bhás féin in Oxfordshire Shasana.[1]

Infotaula de personaDavid Kelly
Beathaisnéis
Breith14 Bealtaine 1944
Llwyn-y-pia, Wales Cuir in eagar ar Wikidata
Bás17 Iúil 2003
59 bliana d'aois
Longworth, England, i ngar dó Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisFéinmharú (Easfhuiliú)
Áit adhlacthaChurch of St Mary (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnBaha'i
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Leeds - baictéareolaíocht (1963–1967)
Coláiste Linacre - micribhitheolaíocht (–1971)
Ardscoil Pontypridd
Ollscoil Birmingham - víreolaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmbitheolaí, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirUnited Nations Monitoring, Verification and Inspection Commission (en) Aistrigh (2000–)
Ministry of Defence (en) Aistrigh (1998–)
United Nations Special Commission (en) Aistrigh (1991–1998)
Ministry of Defence (en) Aistrigh (1984–1991) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gradam a fuarthas

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "David Christopher Kelly". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 385.