Deargaistriú imtharraingteach

Tugtar aistriú Einstein ar an aistriú i minicíocht solais chuig minicíocht níos ísle i gcás foinsí a astaíonn solas i réimse réasúnta láidir imtharraingteach. Ciallaíonn sé seo go mbíonn an chuma ar sholas atá ag forleathadh amach as réad ollmhór go bhfuil a mhinicíocht níos lú (deargaistrithe) ná a bheifeá ag súil leis. Tomhaiseadh deargaistriú an tsolais ag taisteal amach ón Domhan den chéad uair i 1961, le cabhair iarmhairt Mößbauer. Rinneadh comparáid idir cloig adamhacha go hard san atmaisféar (réimse lag imtharraingteach) is cloig a fágadh ar dhromchla an Domhain (réimse níos láidre imtharraingteach), agus fuarthas amach gur rith na cloig arda níos tapa. Tuigeadh gurbh fhíorú é seo ar aistriú Einstein, agus chreid Einstein féin gurbh fhíorú é ar an gcoibhneasacht ghinearálta. Anois, áfach, tuigtear gur tástáil ar phrionsabal na coibhéise é an turgnamh seo.[1]

Deargaistriú imtharraingteach

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Deargaistriú imtharraingteach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 203.