Is troscán é deasc a ndéantar obair uirthi (tugtar crinlín air uaireanta). Is cineál cláir nó boird é an deasc. Baintear feidhm as chun léamh, scríobh nó dul i mbun ríomhaireachta. Is féidir deasc a bheith sa bhaile nó in oifig nó ionad oibre eile amhail óstán. Go minic bíonn tarraiceáin i ndeasc chun rudaí a chur i dtaisce iontu. De ghnáth, suíonn daoine ar thaobh amháin den deasc. De ghnáth bíonn siad íseal ionas go mbeidh siad oiriúnach do dhaoine agus iad ina suí ach tá deasca arda ann freisin. Déantar d'adhmad deasc de ghnáth. Cuirtear deasca in oiriúint do ríomhairí sa lá atá inniu ann. Bíonn poill iontu chun sreanga a chur i bhfolach nó as an mbealach. Bíonn tarraiceán ann don mhéarchlár.

Deasc nua-aimseartha churtha in oiriúint do ríomhaire.