Dessie Farrell

iománaí agus imreoir peil Ghaelach

Is é Dessie Farrell bainisteoir fhoireann peile sinsear Baile Átha Cliath. D’imir sé féin ar son na foirne ar feadh beagnach 15 bliana.[1] D’fhás sé suas i nGlasnaíon. Is as Dún na nGall a mháthair agus is col ceathrar dá chuid é Séamus Coleman.[2]

Infotaula de personaDessie Farrell
Beathaisnéis
BreithBaile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmimreoir peile Gaelaí, iománaí Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtpeil Ghaelach
iomáint Cuir in eagar ar Wikidata
Conair
  Foireann Comórtas
- Foireann Sinsir Peile Bhaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Taobh amuigh den spórt, bhí Dessie ina CEO agus ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann Imreoirí Gael (GPA). Anois tá a ghnó féin aige ‘Compete with compassion’.

Gairm imeartha cuir in eagar

Thosaigh Dessie ag imirt le foireann shinsearach Baile Átha Cliath i 1992. D’imir sé in aghaidh Uíbh Fhailí agus níos déanaí sa bhliain chéanna d’imir sé i cluiche ceannais na hÉireann. Ní raibh gach rud iontach maith do Dessie nuair a thosaigh sé ag imirt leis an bhfoireann sinsearach. Bhí sé thugadh suas go dtí an fhoireann i 1990 ach fuair sé gortú uafásach i gcluiche chlub agus caill sé amach ar an cluiche iontach i 1991 idir Baile Átha Cliath agus an Mhí. Áfach, nuair a chuaigh sé ar ais ag imirt bhí gairme den chéad scoth aige. Bhuaigh sé craobh sinsearach na hÉireann, 6 Craobh Laighean, Straithe náisiúnta agus bhí sé mar captain den foireann ar feadh trí bliana. I rith a gairme craobhchomórtais scóráil sé 3-58 (67) pointí. Bhí ról ollmhór ag Dessie sa chluiche craobh Laighean nuair a bhuaigh siad i gcoinne an Mhí le 10 pointí i 1995. In sa bhliain chéanna bhuaigh siad an Craobh uile hÉireann, an chéad uair ó 1983, le Dessie lárnach sa chluiche le 4 pointí.

I 1995, fuair Dessie ‘All-Star’ ar feadh a ról le Baile Átha Cliath chun an teideal a fhail ar ais. D’imir Dessie faoi seacht bainisteoir ina thréimhse mar imreoir – Gerry McCaul, Paddy Cullen, Pat O’Neill, Mickey Whelan, Tommy Carr, Tommy Lyons agus Paul 'Pillar' Caffrey. D’fhreastail Dessie ar bunscoile Naomh Uinsionn C.B.S, Glasnaíon. Chomh maith le a bheith ag imirt peile ar feadh Baile Átha Cliath ag Míonúir, faoi 21 agus Sinsearach – D’imir Dessie iománaíocht ar feadh Baile Átha Cliath faoi 21 i 1992 agus bhí sé mar captaen den foireann.

Ar an 30 Samhain 2005, d’fhoilsigh Dessie a leabhar ‘Dessie tangled up in blue’[3]. Ba é an oíche sin an oíche céanna a d’fhógair sé go raibh sé ar scor leis an idir chontae. Thug Seán Potts, cara ó Na Fianna, cabhair leis an leabhar. Bhí sé mar comhscríbhneoir.

Na Fianna cuir in eagar

Thosaigh Dessie ag imirt le Na Fianna nuair a bhí sé thairt ar 10 mbliana d’aois. Tháinig sé síos go dtí an gclub ar Bothair Mobhí de bharr a chuid muinteorí i Scoil Naomh Uinsionn C.B.S. Tá Dessie faoin thuairim, gan a mhúinteoirí ní mbeadh sé in ann a rá gur d’imir sé peil gaelic.

Nuair a thosaigh Dessie ag imirt le Na Fianna dúirt sé go raibh gach rud difriúil ná mar atá siad inniu. Ní raibh aon struchtúr le cluichí faoi aois agus go raibh ná daoine óga ag casadh suas gan a fhios acu cad chuige.

In sa leabhar a scríobh Dessie ‘Dessie tangled up in blue’, bíonn sé ag caint faoi uair amháin nuair a bhí sé faoi 13 gur d’imigh é féin agus an bhfoireann go dtí blitz ach ní raibh a fhios ag aon duine go raibh sé blitz! Ní raibh a fhios ag an mbainisteoir fiú gur blitz a bhí ann. Míníonn é sin féin, cé chomh dona is a bhí an struchtúr faoi aois i Na Fianna.

Tháinig am nuair a bhí Dessie fós faoi aois nuair a stop sé ag imirt GAA agus thosaigh sé ag imirt sacar le Home Farm a bhí suite in aice le Na Fianna. Ach nuair a scrioch sé a déagóirí bhí a grá don GAA, iománaíocht agus peil, a fhail I bhfad níos mó. D’imight sé ar ais go dtí an chlub agus thosaigh sé ag imirt leis an bhfoireann míonúir peile agus faoi 21 I peil agus iománaíocht.

Nuair a thosaigh Dessie ag imirt leis an bhfoireann sinsearach bhí sé ach 16. Thosaigh sé a chéad chluiche don foireann an bhliain ina dhiaidh sin nuair a bhí sé 17, go mór le díomá a mhúinteoirí mar go raibh sé i lár a Ardteist! Ó an lá sin ar aghaidh bhí fonn ollmhór laistigh de Dessie chun an Craobh mBaile Átha Cliath a bhuacaint. Bhí sé ar mhisean chun ná imreoirí agus an fhoireann bainistíocht is fear a fháil don chlub chun é sin a dhéanamh.

Ar feadh dhá nó trí bhliain bhí Dessie ag dul ag lorg imreoirí a bhí ar fháil ó aon áit. Thosaigh ná ainmneacha ag teacht bliain in aghaidh bliain… Seán Forde, Tony Lanigan, Willie Evans agus Adrian Henchy ná chéad ainmneacha a tháinig isteach go dtí an chlub. Ansin bhí Mick Galvin agus Senan Connell a tháinig ó Naomh Oilibhéar Pluincéad, Eoghan Ruadh I mBaile Átha Cliath. Bhí rud éigin maith ag tarlúint leis an chlub anois. Tar éis chailliúint in aghaidh Cill Mochuda Na Crócaigh i 1998 – bhuail Dessie le Kieran McGeeney agus Diarmuid Marsden i Copper Face Jacks. Cúpla seachtaine ina dhiaidh sin fuair Dessie glaoch ó McGeeney a rá go raibh suim aige féin agus ag Marsden a bheith páirteach sa chlub.

I 1999, fuair Dessie agus an fhoireann ar fhad cad a bhí uathu – Craobh Sinsearach Baile Átha Cliath. Bhí sé an chéad uair ó 1979 gur bhuaigh siad an chraobh agus ní raibh siad chun fanacht chomh fada sin arís. I 2000 agus 2001, bhuaigh Na Fianna an Craobh sinsearach mBaile Átha Cliath. Rud iontach é, trí bhliain as a chéile a bhuaigh siad an chraobh agus bhí aisling Dessie críochnaithe.

Ó 2001, tá Na Fianna fós ag fanacht ar an Craobh sinsearach mBaile Átha Cliath a fháil ar áis go dtí Bothair Mobhí.[4]Tháinig Dessie isteach mar bhainisteoir an fhoireann shinsearach, le Senan Connell in aice leis, I 2018 agus bhí an aisling céanna aige, chun an Craobh a fháil ar áis.

Bainistíocht cuir in eagar

 
Dessie ag glacadh an Sam Maguire i mbliana

[5]Tar éis dó críochnú ag imirt thosaigh Dessie ag traenáil foirne éagsúla laistigh de mBaile Átha Cliath. Ghlaoigh siad Scuad Forbartha ar ná foirne seo. Thóg sé a chéad seisiún le foireann i 2007.

I 2011, fuair Dessie an post Míonúir do fhoireann peile Baile Átha Cliath. In san chéad bhliain bhuaigh siad an Craobh Laighean agus thug sé an fhoireann go dtí an cluiche ceannais uile hÉireann ach chaill siad i gcoinne Tiobraid Árann. An bhliain ina dhiaidh sin, bhainistigh sé an fhoireann míonúir go dtí an Craobh uile hÉireann nuair a bhuaigh siad in aghaidh an Mhí. Tar éis dó an chraobh a bhuachan, sheas sé síos mar bhainisteoir den foireann míonúir ach i Samhain 2012 bhí sé an bainisteoir den foireann faoi 21. Ina dhara bliain bhuaigh sé an chraobh uile hÉireann in aghaidh Ros Comáin agus arís i 2017 bhuaigh sé an chraobh in aghaidh Gaillimh.

I 2018, thóg Dessie an job mar bhainisteoir den foireann shinsearach Na Fianna. Bhí gach duine páirteach sa chlub ar bís. Bhí bhliain maith ag an chlub ach caill siad an cluiche ceathrú ceannais in aghaidh Baile Buadáin Naomh Éanna tar éis am breise.

Ar an 30 Samhain 2019, sheas Jim Gavin síos mar bhainisteoir den foireann shinsearach Baile Átha Cliath. Tháinig an fógra o Jim Gavin amach gan fhios ag aon duine agus bhí an doras ar oscailt do bainisteoir nua.[6]I Nollaig 2019, bhí Dessie Farrell dearbhaithe mar an bainisteoir nua de foireann shinsearach Baile Átha Cliath. Bhí an chéad bhliain sa post an chrua ar Dessie agus a foireann bainistíochta de réir COVID-19. Ach nuair a chuaigh siad ar áis ag imirt níos déanaí sa bhliain bhuaigh siad an Craobh uile hÉireann don séú bliain as a chéile agus an chéad bhliain faoi bhainistíocht Dessie.

Tá sé tar éis an chraobh uile hÉireann a bhuachaint anois ag míonúir, faoi 21 agus sinsearach mar bhainisteoir. Éacht iontach gan dabht![7]

Obair cuir in eagar

GPA cuir in eagar

Ó 2003 go dtí 2016 bhí Dessie Farrell mar CEO den GPA. I 1999, bhí Dessie mar Ball Fondúireachta agus tá sé taobh thiar de píosa mór de forbairt an eagraíocht. Anois, tá níos mon á 2,300 mball a bhfuil fós g imirt agus daoine a bhfuil tar éis stop imirt.

I Samhain 2000, bhí an chéad chruinniú ginearálta bliantúil don GPA i gCill Airne, contae Ciarraí agus ag an gcruinniú bhí Dessie tofa mar an cathaoirleach. Ag an gcruinniú céanna, bhí iar-réalta Chiarraí Séamus Moynihan tofa mar rúnaí, iariománaí de chuid Contae an Chláir Jamesie O’Connor tofa mar uachtarán agus Ciarán McArdle tofa mar chisteoir.

Toghadh Dessie mar CEO ar an eagraíocht in 2003 agus bhí sé ann ar feadh an fháis a bhí ag tarlúint go gasta. Bhí Dessie ina ionadaí imreoirí ar feadh cúig bliana, agus chomh maith leis sin, bhí se ina príomh-idirbheartaí i bhfoireann an GPA a tháinig ar chomhaontú foirmiúil le CLG in 2009. Ní fada ina dhiaidh sin, nuair a bhí an GPA daingnithe mar an comhlacht ionadaíoch oifigiúil d’imreoirí contae ag Comhdháil CLG 2010. Bhí comhaontú idir an dá chomhlacht ó Shamhain 2010 ar aghaidh, agus tá sé fós ann anois chun cabhrú le himreoirí contae amaitéaracha lena ngairmeacha lasmuigh den pháirc. Sheas Dessie síos mar CEO i mí na Nollag 2016.[8]

Compete With Compassion cuir in eagar

Thosaigh Dessie a comhluadar nua i Feabhra 2017. Ba é Compete with Compassion ainm an chomhluadair nua agus tá sé bunaithe i mBaile Átha Cliath.[9]

Cuireann an comhluadar go leor seirbhísí ar fáil do dhaoine éagsúla agus cabhraíonn sé leo ar bhealaí difriúla. Tá rudaí cosúil le a ngnóthaí a athrú ina n-aonáin ardfheidhmíochta, chun déileáil le dúshláin ghnó ar leith agus chun cabhrú le gnóthais oidhreacht chumhachtach a chruthú ar domhan. Is é ‘Championship Winning Culture’ agus ‘Creating Shared Value’ an dá phíosa a bhfuil an fhoireann ag compete with compassion ag iarradh fháil uait agus do ghnó. Tá píosaí beaga laistigh de na ceannteidil níos mó; eagraíocht, daoine agus sóisialta. Seo iad thíos.

Eagraíocht: - Ag forbairt an ‘ Championship Winning Culture’ - Forbairt ceannaireachta - Forbairt foirne - Forbairt ghnó

Daoine: - Oiliúint ar fhorbairt phearsanta - Faisnéis mhothúchánach a fhorbairt - Sláinte agus folláine - Folláine airgeadais

Sóisialta: - Ag cruthú luach roinnte - Freagracht Shóisialta Chorpráideach - Cláir phobail

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Dessie Farrell" (as en) (2021-03-06). Wikipedia. 
  2. Buzz Contributor. "Dessie Farrell's pride in cousin and Ireland captain Coleman". Buzz.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-12-18. Dáta rochtana: 2021-03-24.
  3. Dessie Farrell, Seán Potts (2005). "Dessie: Tangled Up in Blue" (as en). TownHouse. 
  4. "Dessie Farrell takes over as new Na Fianna senior manager" (en). independent. Dáta rochtana: 2021-03-24.
  5. "Dessie Farrell- The New Dublin Boss" (en). Dublin GAA (1576263540). Dáta rochtana: 2021-03-24.
  6. Seán Moran. "Dessie Farrell confirmed as the new Dublin football manager" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-03-24.
  7. Garry Doyle. "Dessie Farrell: the making of a Dublin manager" (en). The42. Dáta rochtana: 2021-03-24.
  8. Paul Keane. "Dessie Farrell bows out as GPA chief, leaving parting gift" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-03-24.
  9. "Compete With Compassion" (en-US). Dessie Farrell. Dáta rochtana: 2021-03-24.