Dessie Grew

poblachtánach Éireannach

Óglach de chuid an IRA agus ball de Bhriogáid Thír Eoghain Thoir ab ea Desmond “Dessie” Grew (14 Meán Fómhair 1953[1] – 9 Deireadh Fómhair 1990).[2] In 1990, mharaigh saighdiúirí Briotanacha, baill den SAS, Grew agus óglach eile, Martin McCaughey, a bhí ina chomhairleoir de chuid Shinn Féin.

Infotaula de personaDessie Grew
Beathaisnéis
Breith14 Meán Fómhair 1953
Bás9 Deireadh Fómhair 1990
37 bliana d'aois
Contae Ard Mhacha, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisTráma balaistíoch
Gníomhaíocht
Ball de

Luathshaol cuir in eagar

Ba é an dara páiste ba shine i dteaghlach ina raibh seachtar cailíní agus ceathrar buachaillí. D'fhreastail sé ar Bhunscoil Chnoc an Chonnaidh agus Scoil na mBráithre Críostaí áitiúil ag an dara leibhéal, áit ar bhain sé na marcanna is fearr amach ag leibhéil “O” agus “A”. Bhí an-suim ag Grew i gcultúr na hÉireann: bhí Gaeilge líofa aige, agus d'imir sé peil Ghaelach sa scoil agus ar fhoireann an pharóiste.

Ar dtús, bhí muintir Grew ina gcónaí i gceantar dílseach, agus rinneadh ionsaí ar a dteach arís is arís eile. Sa deireadh, dódh go talamh é in 1972. Bhog muintir Grew ansin go teach nua ar imeall Achadh an Dá Chora, Contae Ard Mhacha, sráidbhaile soir ó dheas ón Maigh, ach dódh an teach go talamh freisin in ionsaí buama a ghortaigh seisear de chlann Grew.[3]

Gairm pharaimíleata cuir in eagar

Mar dhuine fásta, bhí Grew ina bhall an-ghníomhach d'Arm Saoirse Náisiúnta na hÉireann agus den IRA.[4] D'eisigh póilíní sa Ghearmáin barántas gabhála dó, ar amhras gur dhúnmharaigh sé gníomhaire cumarsáide de chuid an RAF, Maheshkumar “Mick” Islania agus a iníon, sé mhí d'aois, sa Ghearmáin Thiar in 1989.[5][6][7][8]

Scaoileadh Grew agus McCaughey marbh in oibríocht a chuir saighdiúirí rúnda i ngníomh. Bhí aonad rúnda faisnéise de chuid Arm na Breataine ag faire ar trí ghunna AK-47 i bhfoirgneamh feirme sa cheantar tuaithe seo i gContae Ard Mhacha. Bhí a fhios acu go raibh Grew agus McCaughey ar tí na gunnaí a bhogadh.[9]

Agus an bheirt acu ag dul i dtreo botháin talmhaíochta a bhí in úsáid chun beacáin a fhás, agus b'fhéidir mar thaisce arm de chuid an IRA, scaoileadh suas le 200 urchar leo. Léirigh torthaí an scrúdú iarbháis 48 créacht philéir ar Grew agus 12 ar McCaughey. Dúirt tuairisc Arm na Breataine gur fhág an bheirt fhear an bothán agus dhá raidhfil acu. Deir foinsí poblachtánacha nach raibh airm ar bith acu.[10][11][12][13]

Maraíodh a dheartháir Seamus Grew in 1982 i gcás a raibh aighneas ann faoi freisin. Dúirt Dessie roinnt seachtainí sula bhfuair sé bás gur mhian leis a bheith curtha in aice le Seamus i gcás a bháis. Cuireadh é i reilig Chathair Ard Mhacha i mí Dheireadh Fómhair 1990.[3] Thug Gerry Adams an óráid adhlactha, agus dúirt sé gur “trodaí ar son na saoirse, tírghráthóir agus saoránach Éireannach macánta é”.[14]

Tagairtí cuir in eagar

  1. CO exemplaar – Stichting Argus, Oct 1990
  2. An Phoblacht, 7 October 2004
  3. 3.0 3.1 "Tírghrá" (2002). National Commemoration Centre. ISBN 0-9542946-0-2. 
  4. Peter Heathwood Collection of Television Programmes”. CAIN. Dáta rochtana: 29 May 2007.
  5. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". Belfast Telegraph.
  6. Taylor, Peter (2001). "Brits". Bloomsbury Publishing. ISBN 978-0-7475-5806-4. “The German police subsequently issued a warrant for the arrest of Desmond 'Dessie' Grew” 
  7. McKittrick, David (2004). "Lost Lives: The Stories of the Men, Women and Children Who Died as a Result of the Northern Ireland Troubles". Mainstream Publishing. ISBN 978-1840185041. “Desmond Grew was also wanted for questioning in Germany in connection with the killing of an RAF corporal and his six-moth-old daughter. German police had issued a warrant for his arrest” 
  8. Toolis, Kevin (1995). "Rebel Hearts: Journeys Within the IRA's Soul". Penguin Books. ISBN 0-312-15632-4. “At the time of his death he was wanted in Germany for the October 1989 murder of Royal Air Force Corporal Maheshkumar and his six-month-old baby” 
  9. Transcript from "BRITS" Holding the line BBC Documentary
  10. Jack Holland. "INLA emerges again in Armagh" Irish Echo. Retrieved on 8 February 2007.
  11. Moloney, Ed (2002). "A Secret History of the IRA". Penguin Books. ISBN 0-14-101041-X. 
  12. Toolis, Kevin (1995). "Rebel Hearts: Journeys Within the IRA's Soul". Penguin Books. ISBN 0-312-15632-4. 
  13. Murray, Raymond (2004). "The SAS in Ireland". Mercier Press. ISBN 1-85635-437-7. 
  14. Bowyer Bell, J. (1994). "The Irish Troubles": 251–252. Gill & Macmillan. ISBN 0-7475-3818-2.